Dáil debates

Tuesday, 5 October 2021

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Gaeltacht Policy

9:10 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is obair í idir an Roinn agus CONCOS chun an próiseas seo a chríochnú. Beidh sé críochnaithe chomh luath agus is féidir. Mar atá ráite agam cheana, bíonn teagmháil rialta ag mo Roinn le hionadaithe na gcoláistí agus go háirithe le scátheagraíochtaí. Go deimhin, is fiú a thabhairt faoi deara go gcuireann mo Roinn deontas reáchtála ar fáil do CONCOS gach bliain, mar is eol don Teachta, ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh. Tuigim go maith na deacrachtaí atá ag cuid de na coláistí i mbliana de bharr nach bhféadfadh cúrsaí samhraidh dul ar aghaidh don dara bliain as a chéile. Tá go leor oibre déanta ag feidhmeannaigh mo Roinne le roinnt míonna anuas i gcomhar leis na coláistí ar mhaithe le scéim chuí a fhorbairt chun earnáil na gcoláistí samhraidh a chobhsú.

Mar a thuigfidh an Teachta, tá an cheist níos casta i mbliana de bharr ioncam a bheith ag cuid de na coláistí ó fhoinsí eile nach raibh ar fáil dóibh anuraidh. Mar shampla, fuair roinnt coláistí ioncam ó chúrsaí ar líne dírithe ar ábhar oidí. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, bhí cuid de na coláistí ag tarraingt ar scéimeanna eile de chuid an Stáit a bunaíodh de bharr na paindéime. Dá réir sin, b’éigean don Roinn é sin a chur san áireamh.

Mar chuid den taighde a tugadh faoi le tamall anuas, chuir an Roinn ceistneoir faoin ábhar chuig gach coláiste atá bainteach leis an gcóras. Tá an obair thaighde agus anailís beagnach críochnaithe agus tá súil agam an tríú beart a fhógairt go foirmiúil gan rómhoill eile ar mhaithe le leas foriomlán an chórais agus ceantar na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.