Dáil debates

Thursday, 1 October 2020

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí

10:30 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a dhéanfaidh sí cinneadh i dtaobh deontas aonuaire €1.9 milliún a thabhairt do TG4 in aitheantas do na costais bhreise a bhí orthu go dtí seo i mbliana mar gheall ar na bearta a dhein an stáisiún teilifíse chun leanúint ag craoladh, an fhoireann uilig a choimeád agus a íoc agus ar an éacht a dhein sé le Cúla4 ar scoil, srl., agus a bhí leagtha amach i mionsonraí i litir a cuireadh chuig a Roinn tamall ó shin. [27424/20]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén uair a dhéanfaidh an tAire cinneadh maidir le deontas aonuaire a thabhairt do TG4 chun an t-airgead a bhí air a chaitheamh le linn an tréimhse Covid go dtí seo a chlúdach toisc go raibh sé ar an ngannchuid ar an gcéad dul síos agus toisc go bhfuil gá le €1.9 milliún chun an t-airgead ar chaith sé go dtí seo a ghlanadh?

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. B'ionann leithroinnt mhaoinithe phoiblí TG4 agus €37.2 milliún in 2020, leithroinnt a bhí comhdhéanta de €34.2 milliún i gcaiteachas reatha agus €3 milliún i gcaiteachas caipitil. Fuair m'oifigigh comhfhreagras ó TG4 ar 11 Meán Fómhair inar iarradh €1.9 milliún i maoiniú breise don bhliain 2020 i ndáil le costais bhreise a bhain le Covid. Aithním gur bhliain thar a bheith dúshlánach a bhí inti do gach earnáil agus go raibh dúshláin ar leith i gceist le hiad i dtionscail na cruthaitheachta. Táthar ag lorg tuilleadh faisnéise ó TG4 maidir leis an iarratas ar mhaoiniú agus tá m'oifigigh i dteagmháil leis ina leith sin.

Táim ag labhairt faoi seo mar Aire ar a bhfuil freagracht as na meáin, as an nGaeltacht agus as an gcultúr. Tuigim an obair atá déanta ag TG4 chun foinsí nuachta, oideachas agus faisnéis seirbhíse poiblí a chur ar fáil i rith na tréimhse seo. Tá an sceideal coinnithe ag TG4 mar atá agus tá sé curtha in oiriúint aige le freagairt ar riachtanais a lucht féachana in ainneoin gur bhain dúshláin léiriúcháin leis sin de bharr na srianta sláinte.

Tá ról tábhachtach ag seirbhísí craoltóireachta a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge i straitéis 20 bliain don Ghaeilge an Rialtais. Is ríthábhachtach atá TG4 ina leith sin. Tá ról tábhachtach aige i dtreo cultúr na Gaeilge agus an Ghaeilge í féin a chur faoi bhráid lucht féachana a bhfuil Gaeilge acu. Cuireann sé ábhar nuálach agus ábhartha ar fáil trína sheirbhísí teilifíse agus ar líne. Chomh maith leis sin, mar chraoltóir foilseacháin, cuireann sé tacaíocht thábhachtach ar fáil d'earnáil na cruthaitheachta in Éirinn. Chaith sé €23,000 in 2019 sa réimse sin.

Tá na meáin Ghaeilge ag teacht laistigh de chúram an choimisiúin um thodhchaí na meán, coimisiún a d'fhógair mé féin agus an Taoiseach ar 29 Meán Fómhair chun féachaint ar an bhfís amach anseo do na meáin seirbhíse poiblí. Tá sé beartaithe agam chomh maith cruinniú a bheith agam le TG4 sna seachtainí amach romhainn. Táim ag súil leis an mbealach ina mbeidh sé ábalta leanúint ag fás agus tacú tuilleadh leis an nGaeilge a phlé leis.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire as an méid sin. Dar ndóigh, is bliain dhúshlánach í ní hamháin do TG4 ach do gach earnáil agus gach uile dhuine ar shlí amháin nó ar shlí eile. Sa chás seo, murab ionann is a lán comhlachtaí eile, níor bhain TG4 úsáid as aon cheann de na scéimeanna fóirdheontais a bhí ar fáil. Choimeád an comhlacht gach uile dhuine a bhí fostaithe aige ag obair agus choimisiúnaigh sé scannáin agus cláir atá le teacht. Choimeád sé a lán daoine nach raibh ag obair go díreach don chomhlacht ag obair chomh maith. Thug sé deontais dóibh. Choimeád an comhlacht a sceideal, agus sceideal "Cúla4 ar Scoil" ach go háirithe, ar siúl ar feadh na tréimhse uilig. Bhí gach duine ag maíomh as sin ach ní féidir leis an stáisiún leanúint ar aghaidh gan airgead. Táim ag tagairt do dheontas aonuaire amháin ach tá a lán ceisteanna le cur faoin deontas a fhaigheann TG4 gach uile bhliain freisin.

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinne an Teachta Ó Snodaigh tagairt don chlár "Cúla4 ar Scoil", clár a choimisiúnaigh TG4. Soláthraíonn an clár seo seirbhís chuimsitheach do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna chun foghlaim i nGaeilge a éascú don lucht féachana. Clúdaíonn sé na príomhábhair: an Ghaeilge, matamaitic, stair agus tíreolaíocht. Bhí áthas orm a nótáil freisin go bhfuil an clár ag clúdach ranganna cruthaitheacha ar na healaíona, ar na healaíona traidisiúnta agus ar shláinte agus folláine. Mar gheall ar an mbeartas seo, bhí costas breise de €1.9 milliún le clúdach ag TG4 i mbliana. Tá iarratas á dhéanamh agam chun tacaíocht airgeadais a fháil i mbliana i leith na costais Covid seo. Mar is eol don Teachta, tá grá agam ar TG4 agus déanfaidh mé mo dhícheall chun gach tacaíocht a thabhairt dó, don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Mar a dúirt mé cheana, táim ag súil le cruinniú a bheith agam le TG4 sna seachtainí atá romhainn.

10:40 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé thíos €1.9 milliún i mbliana díreach de thoradh Covid-19. Seachas sin, tá bearna mhór ann ó thaobh an maoiniú a chóir a bheith aige agus an maoiniú a shocraigh sé in aontú leis an BAI chun cinntiú go leanfadh sé ar aghaidh agus go bhfuil plean straitéiseach ann. Tá €4.1 milliún i gceist i mbliana. Táim ag impí ar an Aire, ní amháin an €1.9 milliún a lorg ón Aire Airgeadais, ach díriú chomh maith ar an airgead atá de dhíth ag TG4 chun maireachtáil amach anseo. Mar a dúirt mé, tá breis agus €4 milliún ag teastáil uaidh i mbliana.

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá m’oifigigh i mbun idirchaidrimh le TG4 maidir leis an iarratas do mhaoiniú bhreise agus tá siad ag lorg tuilleadh faisnéise. Measfar an iarratas nuair a fhaightear an fhaisnéis sin. Beidh mé i mbun idirchaidrimh leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le riachtanais maoiniú mo Roinne don bhliain 2021 mar chuid den phróiseas Meastacháin. Ní féidir a rá ag an bpointe seo cén t-airgead a chuirfear ar fáil d’aon ghníomhaireacht go dtí go n-aontaíonn an Rialtas leis sin. D’éirigh liom maoiniú breise de €2 milliún a fháil i bpacáiste spreagadh mhí Iúil don scéim fís agus fuaim agus tá sé sin ar fáil do gach craoltóir. Seolfaidh mé aon eolas breise ag an Teachta Dála níos déanaí inniu.