Dáil debates

Thursday, 1 October 2020

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí

10:30 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. B'ionann leithroinnt mhaoinithe phoiblí TG4 agus €37.2 milliún in 2020, leithroinnt a bhí comhdhéanta de €34.2 milliún i gcaiteachas reatha agus €3 milliún i gcaiteachas caipitil. Fuair m'oifigigh comhfhreagras ó TG4 ar 11 Meán Fómhair inar iarradh €1.9 milliún i maoiniú breise don bhliain 2020 i ndáil le costais bhreise a bhain le Covid. Aithním gur bhliain thar a bheith dúshlánach a bhí inti do gach earnáil agus go raibh dúshláin ar leith i gceist le hiad i dtionscail na cruthaitheachta. Táthar ag lorg tuilleadh faisnéise ó TG4 maidir leis an iarratas ar mhaoiniú agus tá m'oifigigh i dteagmháil leis ina leith sin.

Táim ag labhairt faoi seo mar Aire ar a bhfuil freagracht as na meáin, as an nGaeltacht agus as an gcultúr. Tuigim an obair atá déanta ag TG4 chun foinsí nuachta, oideachas agus faisnéis seirbhíse poiblí a chur ar fáil i rith na tréimhse seo. Tá an sceideal coinnithe ag TG4 mar atá agus tá sé curtha in oiriúint aige le freagairt ar riachtanais a lucht féachana in ainneoin gur bhain dúshláin léiriúcháin leis sin de bharr na srianta sláinte.

Tá ról tábhachtach ag seirbhísí craoltóireachta a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge i straitéis 20 bliain don Ghaeilge an Rialtais. Is ríthábhachtach atá TG4 ina leith sin. Tá ról tábhachtach aige i dtreo cultúr na Gaeilge agus an Ghaeilge í féin a chur faoi bhráid lucht féachana a bhfuil Gaeilge acu. Cuireann sé ábhar nuálach agus ábhartha ar fáil trína sheirbhísí teilifíse agus ar líne. Chomh maith leis sin, mar chraoltóir foilseacháin, cuireann sé tacaíocht thábhachtach ar fáil d'earnáil na cruthaitheachta in Éirinn. Chaith sé €23,000 in 2019 sa réimse sin.

Tá na meáin Ghaeilge ag teacht laistigh de chúram an choimisiúin um thodhchaí na meán, coimisiún a d'fhógair mé féin agus an Taoiseach ar 29 Meán Fómhair chun féachaint ar an bhfís amach anseo do na meáin seirbhíse poiblí. Tá sé beartaithe agam chomh maith cruinniú a bheith agam le TG4 sna seachtainí amach romhainn. Táim ag súil leis an mbealach ina mbeidh sé ábalta leanúint ag fás agus tacú tuilleadh leis an nGaeilge a phlé leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.