Dáil debates

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Covid-19 Paindéim

10:30 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

13. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a bhéas plean cuimsitheach tharrthála iar-Covid-19 foilsithe aici don Ghaeilge agus Gaeltachta. [17297/20]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag iarraidh fáil amach ón Aire cén uair a bheidh plean tarrthála cuimsitheach againn don bhealach romhainn maidir leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na pobail atá cónaí orthu sna ceantair sin tar éis Covid-19. Cén uair a fheicimid an plean sin ón Rialtas?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann an Rialtas aitheantas do thábhacht na Gaeilge mar chéad teanga an Stáit, mar theanga bheo agus mar chuid dár n-oidhreacht. Tá réimse gníomhaíochtaí curtha i bhfeidhm ag an Roinn cheana féin chun dul i ngleic le dúshláin Covid-19 mar a bhaineann siad leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht.

In Aibreán, fógraíodh nach mbeadh cúrsaí foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht ag dul ar aghaidh an samhradh seo, mar a bhí beartaithe acu, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint. Ag aithint go mbeadh tionchar mór ag an gcinneadh seo ar an earnáil, d’fhógair mo Roinn go mbeadh ciste éigeandála aon uaire ar fiú €4.7 milliún á chur ar fáil. Is beart aon uaire é seo leis an aidhm inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á dhéanamh tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir cuspóirí uileghabhálacha an straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-30.

Tá maoiniú suntasach curtha ar fáil le haghaidh gnóthaí Gaeltachta agus Gaeilge do 2020. Tá sé fógartha cheana féin go mbeidh infheistíocht bhreise ar fiú €500,000 curtha ar fáil don phróiseas pleanála teanga, a chinnteoidh go dtógfar ar an obair mhaith atá ar siúl faoin bpróiseas cheana féin. Chomh maith leis sin, déanfar ardú €1 milliún nó 11% ar sholáthar caipitil Údarás na Gaeltachta chun tuilleadh a chur lena chumas ar chlár oibre a chur chun cinn ar leas na Gaeltachta, agus tá €200,000 breise curtha ar fáil do mhaoiniú na gcomharchumann Gaeltachta freisin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as ucht a hardú céime chun Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeimid in ann oibriú le chéile ar mhaithe na hearnála seo go háirithe. Chuala mé cad a bhí á rá ag an Aire Stáit agus tá brón orm, ach ní freagra é sin ar mo cheist. Don chuid is mó de na hearnálacha eile, tá bealach chun tosaigh, plean oibre nó pacáiste tarrthála chun déileáil le torthaí Covid-19 anois agus sa todhchaí leagtha amach cheana féin nó á leagadh amach ag an Roinn. Bhí an méid a dúirt an tAire Stáit ina fhreagra ag díriú isteach ar an méid atá ag tarlú faoi láthair. Aithním roinnt de na cinntí sin agus d’fháiltigh mé rompu cheana féin leis an Aire sinsearach, ach cá bhfuil an plean tarrthála a théann chun tosaigh ar an méid atá leagtha amach go dtí seo? Cén uair a bheidh sé foilsithe agus cén uair a bheidh sé soiléir do ghnáth phobal na tíre?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an ábhar tábhachtach seo a ardú. Ní raibh an t-am agam an t-eolas iomlán a thabhairt dó i mo chéad fhreagra. Leanfaidh mé ar aghaidh le cuid den eolas seo.

Tá soláthar iomlán de €23.652 milliún curtha ar fáil ag an Roinn d’Údarás na Gaeltachta i 2020. Baineann €10 milliún den soláthar seo le buiséad caipitil na heagraíochta chun fostaíocht a chruthú. Sa bhreis ar sin, tá ciste suas le €10.484 milliún san iomlán curtha ar fáil don údarás faoin gciste um athghiniúint agus forbairt tuaithe, chomh maith leis an gciste um fhorbairt fiontraíochta réigiúnaí, le dhá bhliain anuas. Ó tharlaigh géarchéim Covid-19, tá teagmháil leanúnach ag oifigigh mo Roinne le hoifigigh Údarás na Gaeltachta faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an géarchéim ar cliant-chomhlachtaí na heagraíochta. Fógraíodh le déanaí go mbeadh rochtain ag cliant-chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar réimse iomlán tacaíochtaí faoin gciste cothaithe fiontair agus €5 milliún breise ar fáil i mbliana mar thús don eagraíocht le hathbhreithniú a dhéanamh ar a chuid riachtanais roimh dheireadh na bliana.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh an €5 milliún breise a luaigh an tAire Stáit d’Údarás na Gaeltachta, ach sin an t-aon mhaoiniú breise a fheicim go dtí seo don Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Arís, cén uair a bheidh an plean tarrthála don Ghaeltacht atá bainteach le Covid-19 á fhoilsiú? Ní bhaineann an t-ábhar seo leis na fadhbanna atá ann faoi láthair, ach na fadhbanna a bheidh ann do mhná tí an bhliain seo chugainn, mar an t-airgead a bheidh gá dóibh a infheistiú ina gcuid tithe, mar shampla. Beidh fadhbanna ann freisin do na hionaid phobail, don Ghaeltacht i gcoitinne agus d'Údarás na Gaeltachta é féin agus é ag triail comhlachtaí a mhealladh isteach sa cheantar in iomaíocht le ceantair eile. Tá slám mór oibre le déanamh agus níl mé ach ag fiafraí cén uair a bheidh an plean tarrthála sin foilsithe.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist eile ag an Teachta faoin ábhar seo a bheidh mé ag freagairt níos déanaí. Tuigim go bhfuil deacrachtaí agus dúshláin romham agus teastaíonn uaim aghaidh a thabhairt orthu. Tugtar aitheantas sa chlár Rialtais do thábhacht na Gaeilge mar theanga bheo agus cuid luachmhar dár n-oidhreacht agus dá stádas mar chéad teanga oifigiúil an Stáit i mBunreacht na hÉireann.

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga, tá 18 plean ceadaithe sa Ghaeltacht cheana féin agus tá sé beartaithe go mbeidh ocht gcinn eile ceadaithe taobh istigh de dhá bhliain. Ar ndóigh, is ceist í cúrsaí pleanála don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Is tríd an bpróiseas Meastacháin a chuirtear soláthar airgid ar fáil ar bhun bliantúil do mo Roinn agus, ar ndóigh, do na Ranna go léir.

Beidh ceist eile ag an Teachta faoin Ghaeltacht níos déanaí agus beidh freagra agam air sin freisin.