Dáil debates

Tuesday, 19 November 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Oideachas Gaeilge

6:15 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

39. To ask the Minister for Education and Skills cén teagmháil a bhí aige leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nó leis an Roinn nó le haon Aire eile maidir leis na hathruithe ar an díolúine ón nGaeilge sna scoileanna; cén éifeacht a bheadh leo ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47483/19]

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá córas nua á thabhairt chun cinn ag an Aire chun díolúine ón nGaolainn a thabhairt do dhaoine. Sular tugadh é sin i bhfeidhm, cén plé a rinneadh maidir leis an éifeacht a bheadh aige seo ar an straitéis 20 bliain, ar stádas na Gaeilge, agus ar an teanga i gcoitinne? An ndearnadh plé le haon choiste? Conas a tháinig an Aire ar an réiteach sin?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Forbraíodh na ciorcláin nua maidir leis an díolúine ó staidéar na Gaeilge mar fhreagra ar athbhreithniú a rinne cigireacht na Roinne ar an mbeartas agus ar an gcleachtas maidir le díolúintí a phróiseáil agus a dheonú i scoileanna. Leagtar amach sna ciorcláin sin, a bhfuil feidhm acu maidir le scoileanna Béarla amháin, na cúinsí eisceachtúla faoina bhféadfar díolúine a dheonú. Tá prionsabail an chuimsithe mar bhonn agus taca acu agus tá sé mar aidhm acu tacú le scoileanna chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlacht leathan riachtanas trí eispéireas foghlama difreáilte a sholáthar do dhaltaí i dtimpeallacht uilechuimsitheach scoile. Mar atá leagtha amach sna ciorcláin, táthar ag súil le scoileanna agus spreagtar scoileanna le deiseanna a thabhairt do na daltaí uile, a mhéad agus is féidir, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí Gaeilge agus cultúrtha ar leibhéal a oireann dá riachtanais foghlama, lena n-áirítear na leanaí sin ar deonaíodh díolúine dóibh.

Maidir le cumarsáid a rinneadh, chuathas i gcomhairle leis na hAirí go léir, lena n-áirítear an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, maidir le mo thograí trí mheabhrán don Rialtas. Bhí cumarsáid ar leibhéal oifigiúil idir mo Roinn agus an Roinn Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Rinneadh é sin sa bhreis ar an gcomhairliúchán poiblí a reáchtáladh lenar tugadh deis do gach duine mo thograí a bhreithniú. 

Sainaithnítear sna ciorcláin an stádas speisialta atá ag an nGaeilge, tacaíonn siad le múineadh agus foghlaim na Gaeilge ag leibhéal na nunscoile agus na hiarbhunscoile agus dearbhaíonn siad tacaíocht an Rialtais d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge de réir na straitéise 20 bliain.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go mbeadh díolúine riachtanach do roinnt daoine nó go mbainfidh siad tairbhe as. Go n-éirí leo. Tá rud faoi leith ann ar a theastaíonn uaim díriú ach go háirithe. Tuigim go raibh próiseas comhairliúcháin poiblí ann. Rinne cigirí an Aire féin scrúdú ar an ábhar. Ar mhol an chigireacht an córas atá ann? Tuigim go raibh na cigirí ag dul i dtreo eile ar fad. Nach rabhadar ag rá nach raibh bunús eolaíochta leis an gcóras atá molta? Cén plé go díreach a ndearnadh leis na hAirí eile? Nuair a cheistíomar an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht i gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, dúirt sé nach raibh sé páirteach in aon phlé maidir leis an díolúine. Ar bhraith an tAire go dtiocfadh é seo salach ar an straitéis 20 bliain? Tá sé ag laghdú an líon daoine a bheidh ag staidéar na Gaolainne. Ag an am céanna, tá sé sa straitéis atá leagtha síos go dteastaíonn an Rialtas líon na ndaoine a ardú. Cén plé a ndearnadh ar an éifeacht a bheidh aige sin ar an straitéis 20 bliain?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire, tá sé soiléir go raibh comhairliúchán cuimsitheach i gceist. Ghlac níos mó ná 11,000 duine páirt sa chomhairliúchán cuimsitheach agus thug siad a dtuairimí dúinn. Ghlac a lán daoine páirt roimh Nollaig. Sin an fáth gur chuir mé breis am ar fáil don chomhairliúchán. Bhí níos mó daoine ag iarraidh páirt a ghlacadh. Bhí formhór na ndaoine ag an am sin ag rá go raibh athrú de dhíth maidir leis na díolúintí. Tháinig siad isteach sna 1990í agus bhí cinneadh nua de dhíth. Ó thaobh bealaí foirmiúla maidir leis an chomhrá idir na hAirí, tá próiseas ann. Tá dualgas orainn próiseas reachtúil agus foirmiúil a reáchtáil tríd an Roinn Rialtais. Chuala mé smaointe an Teachta ó thaobh plé leis an choiste ach bhí cuid mhór díospóireachta ann ag achan leibhéal. Táim ag fanacht ar na sonraí. Níl sonraí agam maidir leis an athrú a tháinig isteach i mí Meán Fómhair.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fillfidh mé arís ar an gceist mar gheall ar phlé leis na Ranna agus Airí eile. Nuair a phléamar é sin i gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, dúirt an tAire Stáit nach raibh sé páirteach in aon phlé maidir leis sin. Mar sin, cé hiad na daoine a ndearnadh plé air sin leo? An ndearnadh plé mar gheall ar an straitéis 20 bliain agus an díolúine ag Bord an Rialtais? An raibh coiste faoi leith eile ag plé an éifeacht a bheadh aige sin ar an straitéis 20 bliain? Cé hiad na daoine go díreach ar ghlac páirt ann? Is iontach an rud gur ghlac slua mór páirt sa chomhairliúchán poiblí ach, ina dhiaidh sin, tá ról ceannaireachta ag an Rialtas maidir leis an straitéis 20 bliain. Cén plé go díreach a tharla ansin? An ndearnadh puinn plé in aon chor? An bhféadfadh an tAire é sin a chinntiú, go háirithe nuair a chloisimid ón Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht nach raibh sé bainteach le haon phlé air sin?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a thagann an crú ar an tairne, nó i ndeireadh an lae, táimse freagrach as an chinneadh maidir leis an churaclam úr atá ag teacht isteach. Roimhe seo, bhí comhrá idir na Ranna éagsúla. Maidir leis an straitéis 20 bliain, tá cumarsáid ar siúl i gcónaí idir an Roinn Cultúir, Gaeltachta agus Oileán, mo Roinn féin, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, agus na Ranna ábhartha eile uilig maidir le hathruithe atá ag teacht. Mar shampla, bhí comhairliúchán cuimsitheach idir oifigigh maidir leis an scéim aitheantais. Tá na hoifigigh i gcónaí ag labhairt le chéile agus ag déanamh cumarsáide maidir leis na hathruithe polasaí atá le teacht. I ndeireadh an lae, táimse féin freagrach as an athrú agus as an chinneadh atá déanta. Bhí comhairliúchán cuimsitheach ann leis an phobal agus bhí rudaí foirmiúla ó thaobh teagmháil idir oifigigh agus idir Ranna ann freisin.

Question Nos. 40 and 41 replied to with Written Answers.