Dáil debates

Tuesday, 19 November 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Oideachas Gaeilge

6:15 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Forbraíodh na ciorcláin nua maidir leis an díolúine ó staidéar na Gaeilge mar fhreagra ar athbhreithniú a rinne cigireacht na Roinne ar an mbeartas agus ar an gcleachtas maidir le díolúintí a phróiseáil agus a dheonú i scoileanna. Leagtar amach sna ciorcláin sin, a bhfuil feidhm acu maidir le scoileanna Béarla amháin, na cúinsí eisceachtúla faoina bhféadfar díolúine a dheonú. Tá prionsabail an chuimsithe mar bhonn agus taca acu agus tá sé mar aidhm acu tacú le scoileanna chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlacht leathan riachtanas trí eispéireas foghlama difreáilte a sholáthar do dhaltaí i dtimpeallacht uilechuimsitheach scoile. Mar atá leagtha amach sna ciorcláin, táthar ag súil le scoileanna agus spreagtar scoileanna le deiseanna a thabhairt do na daltaí uile, a mhéad agus is féidir, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí Gaeilge agus cultúrtha ar leibhéal a oireann dá riachtanais foghlama, lena n-áirítear na leanaí sin ar deonaíodh díolúine dóibh.

Maidir le cumarsáid a rinneadh, chuathas i gcomhairle leis na hAirí go léir, lena n-áirítear an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, maidir le mo thograí trí mheabhrán don Rialtas. Bhí cumarsáid ar leibhéal oifigiúil idir mo Roinn agus an Roinn Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Rinneadh é sin sa bhreis ar an gcomhairliúchán poiblí a reáchtáladh lenar tugadh deis do gach duine mo thograí a bhreithniú. 

Sainaithnítear sna ciorcláin an stádas speisialta atá ag an nGaeilge, tacaíonn siad le múineadh agus foghlaim na Gaeilge ag leibhéal na nunscoile agus na hiarbhunscoile agus dearbhaíonn siad tacaíocht an Rialtais d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge de réir na straitéise 20 bliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.