Dáil debates

Tuesday, 1 October 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Cúrsaí Oidhreachta

6:05 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

72. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh réiteach a fháil maidir leis na fadhbanna páirceála atá ann gar d’Ionad Oidhreachta Dhún Aonghasa, Árainn, Contae na Gailllimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37932/19]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal as a bheith déanach.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an Teachta ag teacht isteach an doras.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist dhíreach shimplí agam. Cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh réiteach a fháil maidir le fadhbanna páirceála gar don suíomh oidhreachta seo? I have ten seconds, so I will say it again in English. It is a very simple question. What progress has been made in respect of the provision of parking facilities beside Dún Aonghasa on the Aran Islands? I am not sure why it is within the Minister of State's remit, perhaps it relates to the Office of Public Works brief, but I would really like an answer.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé an cheist seo ar son an Aire Stáit, Teachta Moran. I lár mí Iúil, dhún úinéir na réadmhaoine an limistéar páirceála ag ionad cuairteoirí Dhún Aonghasa ar feadh cúpla lá, mar gheall ar imní árachais, is cosúil. Tar éis roinnt idirbheartaíocht, d’aontaigh Oifig na nOibreacha Poiblí, OPW, téarmaí ceadúnas sealadach leis an úinéar, rud a thug cumas don OPW ceannas a ghlacadh ar an láthair agus é a ath-oscailt le cinntiú go raibh rochtain ag an bpobal le linn tréimhse gnóthach an tsamhraidh déanaigh. Tá sé socraithe freisin ag na buíon go dtabharfaidh siad faoin gceadúnas sealadach seo a aistriú go léas foirmeálta, i ndiadh tuille idirbheartaíocht agus aontú maidir le roinnt ceisteanna áirithe.

Ta sé ar intinn ag an OPW, nuair atá lán-smacht dlíthiúil trí léas fad-téarmach aici, agus le comhaontú an úinéir, oibreacha feabhsúcháin slándála pleanáilte a chur i gcrích laistigh den limistéar páirceála. Tiocfaidh an bóthar isteach, atá i seilbh príobháideach chomh maith - agus áit a bhfuil, dár leis an OPW, roinnt guaiseacha ann faoi láthair - faoi bhráid na n-oibreacha slándála seo chomh maith. Déanfaidh an OPW iarracht, le linn an tógra seo, an imní atá ar roinnt den lucht úsaidte a réiteach agus beartaíonn sí go n-eagrófar comhairliúchán poiblí a thabharfadh deis do chuile pháirtí a dtuaraimí a chur in iúl.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil an t-ábhar seo ardaithe go minic ag mo chomhghleacaí, an Teachta Éamon Ó Cuív, freisin. Níl cóip den fhreagra sin agam ach, de réir mar a thuigim, tá beagáinín dul chun cinn déanta. Is é an rud a chuireann imní orm ná nach cloisim aon dháta. Beidh tús le próiseas comhairliúcháin agus beidh tús le rudaí eile, ach cén t-am? Tá sé ardaithe agam agus ag mo chomhghleacaí cheana seo. An bhfuil an tAire Stáit ag rá go soiléir go bhfuil dhá rud i gceist? Tá talamh faoi sheilbh Oifig na nOibreacha Poiblí, agus tá réiteach maidir leis sin, ach is talamh príobháideach é an talamh eile. Tá an Roinn i mbun cainte chun an talamh sin a fháil faoi léas nó é a cheannach. An féidir leis an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt dom?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim aici agus ag na Teachtaí eile sa Dháilcheantar, go háirithe Teachta Ó Cuív, san ábhar seo. Tá a fhios againn an tábhacht a bhaineann leis an ionad cuairteoirí ag Dún Aonghasa. Táimid ag caint faoin talamh príobháideach a fháil ar léas fad-téarmach. Is é sin atá ráite ag an Aire Stáit, Teachta Moran. Tá géarghá ann aghaidh a thabhairt ar staid an shuíomh faoi láthair. Tá trapanna capall, coisithe agus rothaithe ar fad ag úsáid an bealach isteach agus an spás páirceála céanna gan aon idirdhealú soiléir idir na dreamanna éagsúla. Tá baol sláinte agus sábhailteachta ag baint leis sin. Caithfear ceansú ceart a chur i bhfeidhm. Sin an fáth go bhfuil an idirbheartaíocht seo leis na páirtithe uilig chun teacht ar réiteach ar an bhfadhb seo ag dul ar aghaidh. Is dul chun cinn suntasach atá fógartha inniu ag an Aire Stáit, Teachta Moran.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil dul chun cinn déanta agus gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as sin. Bhí mé ar na hOileáin Árann ar feadh seachtaine i mí Lúnasa. Seo ceann de na hionaid oidhreachta ba mhó tóir air sa domhan. Bhí breis is 130,000 cuairteoirí ann an bhliain seo caite. Tá sé admhaithe ag an Rialtas go bhfuil géarghá ann chun réiteach a fháil. Molaim an tAire Stáit as an dul chun cinn ata déanta ach arís tá easpa spriocdháta ann. Cén uair a bheidh an fhadhb réitithe? Tá an suíomh oidhreachta seo an-tábhachtach. An féidir leis an tAire Stáit dáta a chur leis sin? An mbeidh sé sé mhí eile, nó bliain eile? Cad é an spriocdháta?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílim ar an eolas faoin dáta sin. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit, Teachta Moran, sásta casadh leis na Teachtaí go léir ón Dáilcheantar sin chun an cheist sin a phlé chomh luath agus is féidir. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim aige san ionad seo. Bhí mé i dteagmháil leis an Teachta agus leis an Teachta Ó Cuív faoi na rudaí seo. Sílim go mbeidh an tAire Stáit sásta cruinniú a eagrú chomh luath agus is féidir chun na rudaí seo a phlé.