Dáil debates

Tuesday, 1 October 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Cúrsaí Oidhreachta

6:05 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim aici agus ag na Teachtaí eile sa Dháilcheantar, go háirithe Teachta Ó Cuív, san ábhar seo. Tá a fhios againn an tábhacht a bhaineann leis an ionad cuairteoirí ag Dún Aonghasa. Táimid ag caint faoin talamh príobháideach a fháil ar léas fad-téarmach. Is é sin atá ráite ag an Aire Stáit, Teachta Moran. Tá géarghá ann aghaidh a thabhairt ar staid an shuíomh faoi láthair. Tá trapanna capall, coisithe agus rothaithe ar fad ag úsáid an bealach isteach agus an spás páirceála céanna gan aon idirdhealú soiléir idir na dreamanna éagsúla. Tá baol sláinte agus sábhailteachta ag baint leis sin. Caithfear ceansú ceart a chur i bhfeidhm. Sin an fáth go bhfuil an idirbheartaíocht seo leis na páirtithe uilig chun teacht ar réiteach ar an bhfadhb seo ag dul ar aghaidh. Is dul chun cinn suntasach atá fógartha inniu ag an Aire Stáit, Teachta Moran.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.