Dáil debates
Tuesday, 1 October 2019
Ceisteanna Eile - Other Questions
Cúrsaí Oidhreachta
6:05 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
I dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil an t-ábhar seo ardaithe go minic ag mo chomhghleacaí, an Teachta Éamon Ó Cuív, freisin. Níl cóip den fhreagra sin agam ach, de réir mar a thuigim, tá beagáinín dul chun cinn déanta. Is é an rud a chuireann imní orm ná nach cloisim aon dháta. Beidh tús le próiseas comhairliúcháin agus beidh tús le rudaí eile, ach cén t-am? Tá sé ardaithe agam agus ag mo chomhghleacaí cheana seo. An bhfuil an tAire Stáit ag rá go soiléir go bhfuil dhá rud i gceist? Tá talamh faoi sheilbh Oifig na nOibreacha Poiblí, agus tá réiteach maidir leis sin, ach is talamh príobháideach é an talamh eile. Tá an Roinn i mbun cainte chun an talamh sin a fháil faoi léas nó é a cheannach. An féidir leis an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt dom?
No comments