Dáil debates

Wednesday, 10 April 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Oideachas trí Ghaeilge

10:45 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

3. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht nuashonrú a dhéanamh ar aon phlé a bhí aici féin nó ag oifigí na Roinne leis an Aire Oideachais agus Scileanna, leis an bhForas Pátrúnachta, le Gaeloideachas Teo, nó leis an gCoimisinéir Teanga maidir leis an gcaoi ar féidir roghanna tuismitheoirí i leith na Gaelscolaíochta a léiriú tuilleadh i bpróisis phátrúnachta as seo amach. [16797/19]

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá faillí á dhéanamh ar an nGaolainn agus ar an nGaelscolaíocht toisc an córas atá ann chun Gaelscoileanna nua a bhunú. In ainneoin an éilimh atá ann, níl an líon scoileanna nua ar fáil. Tá sé seo ag teacht salach ar ghealltanais sa straitéis 20 bliain faoi mar atá sé. Caithfidh an tAire Stáit dul i ngleic leis seo agus é a phlé leis an Aire Oideachais agus Scileanna chun scoileanna breise a chur ar fáil sna háiteanna ina bhfuil an t-éileamh chun freastal ar mhuintir na Gaolainne.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon ról reachtúil agam maidir leis an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Mar a cuireadh in iúl don Teach i mo fhreagra ar Cheist Uimh. 629 den 2 Aibreán 2019, áfach, bhí plé neamhfhoirmiúil cheana féin idir oifigigh shinsireach mo Roinn agus páirtithe leasmhara eile, an scátheagraíocht do scoileanna lán-Ghaeilge, Gaeloideachas Teoranta, An Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge san áireamh, maidir le héileamh ón bpobal ar oideachas lán-Ghaeilge agus an próiseas chun Gaelscoileanna a aithint, ach go háirithe. Baineann tábhacht ar leith leis an tsaincheist seo d’obair mo Roinne maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus, i bhfianaise sin, mar a gealladh don Teach le linn na díospóireachta maidir leis an Ghaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge, tá i gceist agam an cheist a ardú arís le mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Scileanna.

An méid sin ráite, cuirim fáilte roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna le déanaí go bhfuil dhá Ghaelscoil nua i measc na scoileanna nua a bheidh le tógáil sa chúpla bliain atá amach romhainn. Tá sé léirithe, áfach, ó na pobalbhreitheanna a rinneadh le linn an phróisis is déanaí, go bhfuil éileamh áirithe ann i measc an phobail do níos mó soláthair san earnáil seo. Táim ag súil, mar sin, le deis a fháil labhairt le mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Scileanna, chun féachaint an bhfuil bealaí ann le freastal ar an éileamh sin.

Bhí díospóireacht againn sa Teach i rith Sheachtain na Gaeilge agus d'ardaigh an chuid is mó de chainteoirí an cheist seo. Tá a fhios agam go bhfuil an t-éileamh ann. Mar a dúirt mé, tá sé sin pléite idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna agus idir mé féin agus mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta McHugh, go neamhfhoirmiúil ó thaobh an phróisis. Is é an tAire, an Teachta McHugh, atá freagrach as an gceist seo go hoifigiúil.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, glacaim leis gurb é an tAire Oideachais agus Scileanna an ceannródaí maidir leis seo ach, mar Aire Stáit a bhfuil freagracht air as an nGaeltacht agus as an nGaolainn, is ar an Teachta Kyne atá an fhreagracht chun a chinntiú go bhfuil an straitéis á comhlíonadh agus go bhfuil freastal á dhéanamh ar mhuintir na Gaolainne. Tá an t-éileamh ann. Glacaimid go léir leis sin. Feicfimid go bhfuil bearna mhór ann ó thaobh an éilimh sin. Níl ach thart ar 10% de na scoileanna ar fad, idir bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, ina scoileanna lán-Ghaelach in ainneoin go bhfuil thart ar 23% de dhaoine sásta freastal ar an sórt scoile sin de réir staidéar de chuid an ESRI. Mar a luaigh an tAire Stáit, tá dhá scoil nua aitheanta ag tosach na bliana, ach ní líonfar an bhearna sin riamh má leantar leis an ráta sin - dhá scoil as deich. Caithfidh go mbeidh níos mó ann go práinneach. Deineadh an patrúnacht sin a scaoileadh ag tús na bliana in ainneoin go raibh a fhios againn go raibh bearna ann anuraidh. D'fhéadfaí a bheith tar éis feabhas a chur ar an scéal dá mba rud é go raibh níos mó práinne. Iarraim ar an Aire Stáit luí go daingean ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus a chinntiú go mbeidh dul chun cinn anseo go práinneach.

10:55 am

Photo of Eugene MurphyEugene Murphy (Roscommon-Galway, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

11 o’clock

We are going to have to stick to our times. I call the Minister of State, Deputy Seán Kyne.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta ceart ó thaobh an straitéis de. Is mise atá freagrach as an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gan an dá ghníomh atá san áireamh sa phlean gníomhaíochta don Ghaeilge maidir le cur i bhfeidhm na straitéis a foilsíodh anuraidh, deirtear i gníomh 1.3.3 go gcruthófar idir 2019 agus 2022: "deiseanna do leathnú ar an oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i gcomhthéacs na 42 scoil nua a bhunófar, agus bunú Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus Aonaid Lán-Ghaeilge mar chuid den phróiseas pátrúnachta nua san áireamh". Anuas air sin deirtear i gníomh 1.3.4 go ndéanfar le linn tréimhse feidhme an phlean: "measúnú ar an éileamh ar sholáthar méadaithe do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge mar chuid den Phróiseas um Athchumrú Scoileanna." Is ar an Aire Oideachais agus Scileanna atá an freagracht as an dá thaobh seo a chur i bhfeidhm ach mar is eol don Teachta, tá coiste monatóireachta ag déanamh monatóireacht ar chur i bhfeidhm an phlean bunaithe ar na nithe sin agus tá feidhmeannaigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ó mo Roinn agus ó Ranna eile a bhíonn ag suí síos chun na ceisteanna sin a phlé.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios againn le fada go bhfuil an t-éileamh ann agus tá a fhios againn go bhfuil an córas lochtach. Mar sin, caithfí gníomhú le níos mó fuinnimh agus níos mó práinne. Scaoileadh ar aghaidh an beart deireanach de na scoileanna, in ainneoin is go raibh an córas lochtach agus go raibh an bearna ann. Caithfí a bheith níos práinní mar gheall ar freastail a dhéanamh ar mhuintir Gaolainne agus ar Ghaelscolaíocht. Tá bearna ann, tá éileamh ann agus caithfí a bheith níos práinní leis. An dóigh leis an Aire Stáit go bhfuil práinn go leor nó iarracht go leor á dhéanamh ag an Aire? Ní dóigh liomsa go bhfuil. An bhfuil an tAire Stáit sásta leis an gcóras mar atá sé? Cé chomh tapa is a bheidh réiteach ag an Aire Stáit mar tá locht ann, tá bearna agus caithfí dul i ngleic leis go tapa.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil éileamh ann. Fáiltím go bhfuil cinneadh déanta ag an Aire dhá scoil nua a bhunú tríd an bpátrúnacht Gaolainn agus tá sé sin fíorthábhachtach. Mar a dúirt mé, tá dul chun cinn suntasach déanta sa phlean a d'fhoilsigh muid i Mí an Mheithimh anuraidh cheana féin chun tús a chur leis a chur i bhfeidhm. Tá coiste stiúrtha ann atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm bunaithe agus bhí dhá chruinniú ag an gcoiste stiúrtha sin. Tá an plean leagtha amach. Tá sé leagtha amach freisin go bhfuil amchlár ann don Roinn chun na gníomhartha a chur i bhfeidhm. Beidh mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna i dteagmháil le chéile. Tá an coiste stiúrtha ag déanamh monatóireacht ar chur i bhfeidhm an phlean. Tá plean leagtha amach, tá an amchlár leagtha amach, tá an coiste stiúrtha-----

(Interruptions).

Photo of Eugene MurphyEugene Murphy (Roscommon-Galway, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Lig don Aire Stáit críochnú.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an plean ann, tá an amchlár ann agus tá an coiste stiúrtha chun é a chur i bhfeidhm ann. Tá chuile rud le chéile agus beidh dul chun cinn.