Dáil debates

Wednesday, 10 April 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Oideachas trí Ghaeilge

10:45 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Níl aon ról reachtúil agam maidir leis an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Mar a cuireadh in iúl don Teach i mo fhreagra ar Cheist Uimh. 629 den 2 Aibreán 2019, áfach, bhí plé neamhfhoirmiúil cheana féin idir oifigigh shinsireach mo Roinn agus páirtithe leasmhara eile, an scátheagraíocht do scoileanna lán-Ghaeilge, Gaeloideachas Teoranta, An Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge san áireamh, maidir le héileamh ón bpobal ar oideachas lán-Ghaeilge agus an próiseas chun Gaelscoileanna a aithint, ach go háirithe. Baineann tábhacht ar leith leis an tsaincheist seo d’obair mo Roinne maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus, i bhfianaise sin, mar a gealladh don Teach le linn na díospóireachta maidir leis an Ghaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge, tá i gceist agam an cheist a ardú arís le mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Scileanna.

An méid sin ráite, cuirim fáilte roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna le déanaí go bhfuil dhá Ghaelscoil nua i measc na scoileanna nua a bheidh le tógáil sa chúpla bliain atá amach romhainn. Tá sé léirithe, áfach, ó na pobalbhreitheanna a rinneadh le linn an phróisis is déanaí, go bhfuil éileamh áirithe ann i measc an phobail do níos mó soláthair san earnáil seo. Táim ag súil, mar sin, le deis a fháil labhairt le mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Scileanna, chun féachaint an bhfuil bealaí ann le freastal ar an éileamh sin.

Bhí díospóireacht againn sa Teach i rith Sheachtain na Gaeilge agus d'ardaigh an chuid is mó de chainteoirí an cheist seo. Tá a fhios agam go bhfuil an t-éileamh ann. Mar a dúirt mé, tá sé sin pléite idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna agus idir mé féin agus mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta McHugh, go neamhfhoirmiúil ó thaobh an phróisis. Is é an tAire, an Teachta McHugh, atá freagrach as an gceist seo go hoifigiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.