Dáil debates

Thursday, 21 February 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

10:50 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

3. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí sásta leis na hullmhúcháin le haghaidh Brexit atá déanta chun go mbeidh cliantchuideachtaí Údarás na Gaeltachta ábalta dul i ngleic le Brexit; cén t-éileamh atá ar na scéimeanna éagsúla i measc na gcliantchuideachtaí; cén teagmháil atá déanta aici leis an Údarás faoi; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8883/19]

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá spriocdáta an Breatimeacht ag druidim linn go tapaidh faoin tráth seo anois. Níl ach cúpla seachtain fágtha agus tá baol do fostaíocht agus gach rud eile a bhaineann leis. Tá 28% de chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ag easpórtáil €148 milliún de earraí go dtí an Ríocht Aontaithe agus tá go leor eile ag gabháil trí an Ríocht Aontaithe go dtí an mór-roinn. Cad iad na hullmhúcháin atá déanta maidir leis an mBreatimeacht i measc cliantchomhlachtaí an údaráis? An bhfuil an Aire Stáit ag bualadh leis an údarás? Conas a bhfuil na hullmhúcháin?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as ucht an ceist fíor-thábhachtach. Is ar mhaithe le haon ábhar imní maidir leis an mBreatimeacht a chíoradh leis atá teagmháil leanúnach ar bun ag Údarás na Gaeltachta lena chuid cliantchomhlachtaí, chomh maith, ár ndóigh, le tacú leis na comhlachtaí agus iad a spreagadh le hanailís a dhéanamh ar thacaíochtaí margaíochta agus forbairtí straitéiseacha ar a ngnó. Tuigtear dom sa chomhthéacs seo gur eagraigh an t-údarás seimineáir agus seisiúin eolais ar an mBreatimeacht chun taispeáint do na comhlachtaí an tábhacht a bhaineann le bheith ullamh ina leith. Ina theannta sin, tuigtear dom go mbíonn an t-údarás páirteach in ócáidí eolais faoin ábhar a bhíonn á reáchtáil ag gníomhaireachtaí Stáit eile lena n-áirítear Enterprise Ireland.

Chomh maith leis sin, tá curtha in iúl ag an údarás go bhfuil sé ag comhoibriú le gníomhaireachtaí Stáit eile i ndáil le cur chuige comhordaithe maidir leis an mBreatimeacht agus go bhfuil sé i mbun an scéim tacaíochta agus comhairleoireachta 'bí réidh' a riar dá chuid comhlachtaí. Lena chois sin, cuirtear scéimeanna tacaíochta eile ar shúile comhlachtaí maidir le feabhas a chur ar ghnéithe sonracha dá ngnó.

Ar chomhairle na Roinne Fiontraíochta, Gnó agus Nuálaíochta, tá Údarás na Gaeltachta tar éis anailís cothrom go dáta a dhéanamh ar mhaithe le leochaileacht comhlachtaí Gaeltachta do thionchar na Breatimeachta a bhreithniú agus tá sé i dteagmháil le comhlachtaí a bhfuil ard-scór acu san anailís sin chomh maith le comhlachtaí atá ag brath ach go háirithe ar an Ríocht Aontaithe mar phríomhmhargadh acu. Sa chomhthéacs seo, tá an t-údarás ag tacú leis na comhlachtaí seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid straitéisí gnó, iarratais a dhéanamh i gcomhair tacaíocht i leith nuálaíochta agus éifeachtachta, margaí nua a aimsiú agus scileanna nua a fhorbairt i measc a gcuid fostaithe.

Tuigtear dom chomh maith go bhfuil an t-údarás i dteagmháil le Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann agus go bhfuil faisnéis maidir leis na scéimeanna iasachta atá á riar ag an eagraíocht sin a scaipeadh ar a gcuid cliantchomhlachtaí.

Ní call a rá chomh maith go mbíonn Údarás na Gaeltachta ag obair as lámh a chéile le Enterprise Ireland chun a chinntiú go bhfuil an tacaíocht atá ar fáil maidir le scéim iasachta na Breatimeachta ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta. Sa chomhthéacs sin, is fiú a lua go bhfuil meamram comhthuisceana i bhfeidhm le tamall de bhlianta anuas idir Údarás na Gaeltachta agus Enterprise Ireland, rud a chinntíonn go bhfuil fáil ag comhlachtaí Gaeltachta ar scéimeanna éagsúla tacaíochta a chuireann Enterprise Ireland ar fáil ar fud na tíre. De thoradh seo agus, go deimhin, de thoradh an comhoibriú leanúnach atá idir an dá eagraíocht, táim sásta go mbeidh fáil ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar na deiseanna agus na hacmhainní céanna atá ar fáil do chomhlachtaí atá faoi scáth Enterprise Ireland.

Ar deireadh, is fiú dom a chur in iúl don Teach gur aontaigh Údarás na Gaeltachta comhaontú ceangal comhalartach oifigí gnó le cumainn tráchtála na hAlban ag deireadh 2018 faoina mbunófar oifigí trádála comhalartaithe chun tacú le comhlachtaí i nGaeltacht na hÉireann agus in Albain agus chun infheistíocht agus deiseanna trádála a éascú. Feidhmeoidh an socrú seo mar acmhainn luachmhar d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag iarraidh a bpáirtíocht idirnáisiúnta gnó go gnó a leathnú.

11:00 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim ón bhfreagra sin go mba féidir nach bhfuil an tAire Stáit tar éis bualadh leis an údáras in aon chor fós mar gheall ar an mBreatimeacht agus an baol a bheidh ann do na cliantchomhlachtaí. Tá sé go sonrach sa cheist agam, cén teagmháil atá ag an Aire Stáit leis an údarás. Táim cinnte, dá mba rud é go raibh an tAire Stáit tar éis bualadh leis, go mbeadh sé tar éis é a insint dúinn. An féidir leis an Aire Stáit é sin a chinntiú? An bhfuil sé tar éis bualadh leis an údarás mar gheall ar an mBreatimeacht agus na hullmhúcháin? Cad go díreach é an teagmháil atá ag an Roinn mar gheall air? Tá an tAire Stáit freagrach as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin agus is aige atá an fhreagracht chun fostaíocht agus tacaíocht a thabhairt i measc na nGaeltachtaí. Shamhlóinn go mbeadh an tAire Stáit ag bualadh leis go rialta mar gheall ar rud chomh tubaisteach leis an mBreatimeacht.

Chomh maith leis sin sa cheist, táim dírithe ar an éileamh. Níl aon fhigiúirí ag an Aire Stáit sa fhreagra go fóill mar gheall ar an éileamh. An féidir é sin a shoiléiriú? Cad é an t-éileamh i measc na gcliantchomhlachtaí ar na scéimeanna éagsúla atá ann mar tuigimid go bhfuil sé lag go leor mórthimpeall an cuid eile den tír? An bhfuil an tAire Stáit ag déanamh rud éigin faoi leith chun a chinntiú go mbeidh éileamh níos fearr agus go mbeidh níos mó déanta sna Ghaeltachtaí?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Casaim le hÚdarás na Gaeltachta go minic. Casaim leis an bpríomhfheidhmeannach agus leis na stiúrthóirí. Bím i dteagmháil leo ar an bhfón agus bíonn cruinnithe agam sna Forbacha freisin maidir lena lán cúrsaí, an Breatimeacht ina measc. Ag deireadh 2018, bhí os cionn 100,000 cliant ar an mbunchláir cliant de Údarás na Gaeltachta, an cuid is mó acu cliantchomhlachtaí beaga agus meánméide. Tá os cionn 150 cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta a fhostaíonn níos mó na deichnúir agus a seasann do 80% den fhostaíocht i gcliant an údaráis ina iomlán. Tá 25 acu seo aitheanta againn ón anailís nua mar na comhlachtaí is leochailí ó thaobh an Bhreatimeachta de agus tá teagmháil déanta leo ag an bpríomhfheidmeannach agus ag stiúrthóirí ón údarás. Tá an-réamhobair déanta ag Údarás na Gaeltacht leis na cliantchomhlachtaí chun fáil réidh leis an mBreatimeacht.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil teagmháil idir Albain agus an t-údarás mar gheall ar socrú a bheadh ansin chun cabhair a thabhairt do chomhlachtaí a bheadh ag plé leo in Alban. Cad é an scéal go díreach mar gheall ar chomhlachtaí a bheidh ag plé leis an gcuid eile den Bhreatain ar nós Sasana agus an Bhreatain Bheag nó fiú ag gabháil tríd an Tuaisceart nó Dún na nGall agus tríd an Bhreatain go dtí an mór-roinn? An bhfuil socrú faoi leith á chur ar fáil ar son na comhlachtaí sin nó an bhfuil siad dírithe go huille agus go hiomlán ar an socrú leis an Albain? An bhfuil an conradh don socrú sin sínithe go fóill? Mura bhfuil, cad é an mhoill? Cathain a bheidh an tAire Stáit ag súil leis sin a bheith ar fáil?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, rinne an t-iar-Aire Stáit, an Teachta McHugh, an-obair le hÚdarás na Gaeltachta agus le cumainn tráchtála na hAlban ag deireadh 2018 faoina mbunófar oifigí trádála comhalartacha chun tacú le comhlachtaí i nGaeltacht na hÉireann agus in Albain agus chun infheistíocht agus deiseanna trádála a éascú. Tá an obair agus an ceangal sin ag dul ar aghaidh. Beidh feidhmeannaigh ón údarás ag dul go hAlban ag tús mhí Aibreáin freisin chun cúrsaí a phlé maidir leis na deacrachtaí ó thaobh trádála de. Mar a dúirt mé, tá thart ar 25 cliantchomhlachtaí aitheanta anois ag an údarás agus bíonn an cuid is mó de na comhlachtaí sin ag trádáil leis an Ríocht Aontaithe in iomlán. Tá mé sásta go bhfuil an réamhobair sin déanta agus go bhfuil chuile cliantchomhlacht ón údarás ar an eolas maidir leis an mbagairt ón mBreatimeacht agus an méid atá ar fáil ón údarás tríd an scéim 'bí réidh' agus ag Enterprise Ireland freisin.