Dáil debates

Thursday, 21 February 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

10:50 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as ucht an ceist fíor-thábhachtach. Is ar mhaithe le haon ábhar imní maidir leis an mBreatimeacht a chíoradh leis atá teagmháil leanúnach ar bun ag Údarás na Gaeltachta lena chuid cliantchomhlachtaí, chomh maith, ár ndóigh, le tacú leis na comhlachtaí agus iad a spreagadh le hanailís a dhéanamh ar thacaíochtaí margaíochta agus forbairtí straitéiseacha ar a ngnó. Tuigtear dom sa chomhthéacs seo gur eagraigh an t-údarás seimineáir agus seisiúin eolais ar an mBreatimeacht chun taispeáint do na comhlachtaí an tábhacht a bhaineann le bheith ullamh ina leith. Ina theannta sin, tuigtear dom go mbíonn an t-údarás páirteach in ócáidí eolais faoin ábhar a bhíonn á reáchtáil ag gníomhaireachtaí Stáit eile lena n-áirítear Enterprise Ireland.

Chomh maith leis sin, tá curtha in iúl ag an údarás go bhfuil sé ag comhoibriú le gníomhaireachtaí Stáit eile i ndáil le cur chuige comhordaithe maidir leis an mBreatimeacht agus go bhfuil sé i mbun an scéim tacaíochta agus comhairleoireachta 'bí réidh' a riar dá chuid comhlachtaí. Lena chois sin, cuirtear scéimeanna tacaíochta eile ar shúile comhlachtaí maidir le feabhas a chur ar ghnéithe sonracha dá ngnó.

Ar chomhairle na Roinne Fiontraíochta, Gnó agus Nuálaíochta, tá Údarás na Gaeltachta tar éis anailís cothrom go dáta a dhéanamh ar mhaithe le leochaileacht comhlachtaí Gaeltachta do thionchar na Breatimeachta a bhreithniú agus tá sé i dteagmháil le comhlachtaí a bhfuil ard-scór acu san anailís sin chomh maith le comhlachtaí atá ag brath ach go háirithe ar an Ríocht Aontaithe mar phríomhmhargadh acu. Sa chomhthéacs seo, tá an t-údarás ag tacú leis na comhlachtaí seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid straitéisí gnó, iarratais a dhéanamh i gcomhair tacaíocht i leith nuálaíochta agus éifeachtachta, margaí nua a aimsiú agus scileanna nua a fhorbairt i measc a gcuid fostaithe.

Tuigtear dom chomh maith go bhfuil an t-údarás i dteagmháil le Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann agus go bhfuil faisnéis maidir leis na scéimeanna iasachta atá á riar ag an eagraíocht sin a scaipeadh ar a gcuid cliantchomhlachtaí.

Ní call a rá chomh maith go mbíonn Údarás na Gaeltachta ag obair as lámh a chéile le Enterprise Ireland chun a chinntiú go bhfuil an tacaíocht atá ar fáil maidir le scéim iasachta na Breatimeachta ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta. Sa chomhthéacs sin, is fiú a lua go bhfuil meamram comhthuisceana i bhfeidhm le tamall de bhlianta anuas idir Údarás na Gaeltachta agus Enterprise Ireland, rud a chinntíonn go bhfuil fáil ag comhlachtaí Gaeltachta ar scéimeanna éagsúla tacaíochta a chuireann Enterprise Ireland ar fáil ar fud na tíre. De thoradh seo agus, go deimhin, de thoradh an comhoibriú leanúnach atá idir an dá eagraíocht, táim sásta go mbeidh fáil ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar na deiseanna agus na hacmhainní céanna atá ar fáil do chomhlachtaí atá faoi scáth Enterprise Ireland.

Ar deireadh, is fiú dom a chur in iúl don Teach gur aontaigh Údarás na Gaeltachta comhaontú ceangal comhalartach oifigí gnó le cumainn tráchtála na hAlban ag deireadh 2018 faoina mbunófar oifigí trádála comhalartaithe chun tacú le comhlachtaí i nGaeltacht na hÉireann agus in Albain agus chun infheistíocht agus deiseanna trádála a éascú. Feidhmeoidh an socrú seo mar acmhainn luachmhar d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag iarraidh a bpáirtíocht idirnáisiúnta gnó go gnó a leathnú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.