Dáil debates

Wednesday, 28 November 2018

Ceisteanna Eile - Other Questions

Oideachas Gaeilge

11:05 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

41. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé sásta casadh leis an eagraíocht Gaelsoideachas ó tharla go bhfuil sé nua-cheapaithe mar Aire; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49223/18]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor éirigh liom comhghairdeas oifigiúil a dhéanamh leis an Aire as ucht a cheapacháin nua mar Aire Oideachais agus Scileanna. Is deas an rud é Gaeilgeoir a fhéiceáil sa bpost. Tá sé ráite liom ag Gaeloideachas, an scátheagraíocht atá ag plé le cúrsaí Gaeloideachais sa tír, nár éirigh leis cruinniú a fháil leis an Aire, an Teachta Bruton, riamh agus go bhfuil iarratas déanta chuig an Teachta McHugh. Táim cinnte go gcasfaidh sé le Gaeloideachas agus go bhfuil go leor le plé idir é féin agus an eagraíocht.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht a bheannachtaí. Beidh mé sásta an teanga a bhogadh ar aghaidh san áit seo. Beidh mé tiomanta é sin a dhéanamh agus beidh mé ag iarraidh cuidiú, taithí agus comhairle an Teachta amach anseo maidir leis an bhealach is fearr chun an teanga a bhogadh ar aghaidh sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an-áthas orm a bheith ceaptha mar Aire Oideachais agus Scileanna agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara maidir leis an Ghaeloideachas. Bíonn mo Roinn ag obair le comhpháirithe i saol an oideachais agus le páirtithe leasmhara ar bhonn leanúnach. Chuaigh Gaeloideachas i dteagmháil leis an Roinn le gairid chun cruinniú a eagrú. Tá oifigigh sa Roinn i dteagmháil le Gaeloideachas i láthair na huaire chun dáta a chinntiú don chruinniú seo agus meastar go dtarlóidh sé go luath. Beidh ionadaíocht leathan ar an gcruinniú seo ó mo Roinn agus déanfar iarracht forbairt a dhéanamh ar chomhrá roimhe seo agus ar fhorbairtí a tharla idir an dá linn. Tá mé ag súil le rannpháirtíocht leanúnach le Gaeloideachas agus le páirtithe leasmhara eile.

Chomh maith leis an scéal seo, tá teachtaireacht amháin agam fadúda an ról atá agamsa sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Dá mbeadh aon bhailiú nirt de dhíth maidir leis an Ghaeilge, tá mé ag iarraidh a chur in iúl do na páirtithe leasmhara éagsúla timpeall na tíre - an Roinn agus na daoine, comhlachtaí, dreamanna agus grúpaí atá freagrach as an teanga - go bhfuil mé anseo chun an Ghaeilge a bhogadh ar aghaidh. Táim tiomanta é seo a dhéanamh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire. An mbeidh sé ag casadh le Gaeloideachas roimh an Nollaig?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go mbeidh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh, le cúnamh Dé. Tá an dara ceist agam. Táim cinnte go bhfuil go leor rudaí le plé leis an Aire ag Gaeloideachas, ach is ar cheann de na ceisteanna is práinní soláthar scoileanna.

Tá soláthar scoileanna ar cheann de na ceisteanna is práinní. Rinne an Coimisinéir Teanga imscrúdú maidir leis an soláthar oideachais trí Ghaeilge. Bhí geallúint tugtha sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh fáil ar oideachas trí Ghaeilge ag chuile ghasúr sa tír. Tá an chaoi a ndéantar roghnú ar scoileanna faoi láthair éagórach. Dúirt an Coimisinéir Teanga é seo agus is cosúil go ndúirt an Roinn go ndéanaidís scrúdú air. Tá sé éagórach ar scoileanna lánGhaeilge. An bhfuil aon obair déanta sa Roinn mar réamhobair ar an gceist seo maidir le soláthar scoileanna lánGhaeilge nua a bheidh ar fáil ar fud na tíre?

11:15 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim dóchasach go mbeidh an cruinniú ag dul ar aghaidh roimh Nollaig mar fhreagra ar cheist a haon. Maidir leis an dara ceist, agus an ról i dtaobh na teanga agus na scoileanna nua lánGhaeilge, bhí cruinniú agam leis an gCoimisinéir Teanga an tseachtain seo caite agus bhí me ag labhairt leis faoin dúshlán sin. Is é mo thuairim phearsanta dá mbeadh aon éileamh láidir i leith na scoileanna úra go mbeidh mé ag amharc ar an mbealach chun níos mó cuidithe a thabhairt don bhforas pátrúnachta nuair a bheidh siadsan ag lorg an céatadán céanna maidir leis an éileamh sin a bhaint amach ag na tuismitheoirí. Táim ag obair i gcomhar le mo chuid oifigeach faoi láthair maidir leis an mbealach is féaráilte agus is cothroime maidir leis sin fosta. Bhí cruinniú dearfa agam leis an gCoimisinéir Teanga an tseachtain seo caite agus beidh mé ag breathnú ar an mbealach is fearr maidir leis an gcothroime seo a choinneáil leis an iarratas a bheidh á dhéanamh acu amach anseo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní dócha go bhfuil scoil lánGhaeilge ar bith a bunaíodh le fiche bliain i gceantar uirbeach nár éirigh léi. Ceist eile a mbeidh ag plé acu leis an Aire Stáit ná an polasaí oideachais Gaeltachta agus soláthar acmhainní dó sin.

Éiríonn ceist eile fós faoi sheirbhísí tacaíochta do dhaoine le fadhbanna speisialta: uathachas agus rudaí mar sin. Bhí cás amháin agamsa le gasúr a raibh fadhbanna cainte aige. Tá cónaí air i gceartlár na Gaeltachta. Ní raibh aon scoil sa Ghaeltacht in ann na tacaíochtaí a chur ar fáil agus dúradh leis go gcaithfeadh sé dul go Gaillimh. Tá sé leathchéad míle as Gaillimh agus chaithfeadh sé dul ann le haghaidh bunseirbhís i scoil lánBhéarla. An mbeidh an tAire Stáit ag plé na gceisteanna sin le Gaeloideachas.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí €2,3 milliún d'acmhainní ar fáil maidir leis na scoileanna lánGhaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Beidh €5 milliún ar fáil an bhliain seo chugainn in 2019 maidir le na hacmhainní, an tacaíocht agus an cuidiú atá de dhíth sna scoileanna sin. Dá mbeadh aon cheist i dtaobh na scoileanna éagsúla taobh amuigh den Ghaeltacht a mbeidh ag iarraidh sruth Gaeilge - tá scoil thar barr i Sligeach agus i bPort Laoise chomh maith mar shampla maidir le sruth Gaeilge - bheadh suim agam maidir leis na scoileanna sin ar spéis leo an Ghaeilge a bhogadh ar aghaidh le sruth Gaeeilge, bheinn sásta é sin a dhéanamh fosta.

Beidh suas le €5 milliún ar fáil maidir leis na hacmhainní do na bunscoileanna agus na meánscoileanna istigh sa Ghaeltacht an bhliain seo chugainn, Dá mbeadh aon de na scoileanna éagsúla taobh amuigh den Ghaeltacht, cibé acu lánGhaeilge nó le roinnt Gaeilge iontu, beidh mé sásta suí síos leo.