Dáil debates

Wednesday, 28 November 2018

Ceisteanna Eile - Other Questions

Oideachas Gaeilge

11:05 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht a bheannachtaí. Beidh mé sásta an teanga a bhogadh ar aghaidh san áit seo. Beidh mé tiomanta é sin a dhéanamh agus beidh mé ag iarraidh cuidiú, taithí agus comhairle an Teachta amach anseo maidir leis an bhealach is fearr chun an teanga a bhogadh ar aghaidh sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an-áthas orm a bheith ceaptha mar Aire Oideachais agus Scileanna agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara maidir leis an Ghaeloideachas. Bíonn mo Roinn ag obair le comhpháirithe i saol an oideachais agus le páirtithe leasmhara ar bhonn leanúnach. Chuaigh Gaeloideachas i dteagmháil leis an Roinn le gairid chun cruinniú a eagrú. Tá oifigigh sa Roinn i dteagmháil le Gaeloideachas i láthair na huaire chun dáta a chinntiú don chruinniú seo agus meastar go dtarlóidh sé go luath. Beidh ionadaíocht leathan ar an gcruinniú seo ó mo Roinn agus déanfar iarracht forbairt a dhéanamh ar chomhrá roimhe seo agus ar fhorbairtí a tharla idir an dá linn. Tá mé ag súil le rannpháirtíocht leanúnach le Gaeloideachas agus le páirtithe leasmhara eile.

Chomh maith leis an scéal seo, tá teachtaireacht amháin agam fadúda an ról atá agamsa sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Dá mbeadh aon bhailiú nirt de dhíth maidir leis an Ghaeilge, tá mé ag iarraidh a chur in iúl do na páirtithe leasmhara éagsúla timpeall na tíre - an Roinn agus na daoine, comhlachtaí, dreamanna agus grúpaí atá freagrach as an teanga - go bhfuil mé anseo chun an Ghaeilge a bhogadh ar aghaidh. Táim tiomanta é seo a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.