Dáil debates

Tuesday, 14 November 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

An Creat Náisiúnta Pleanála

4:40 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

46. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh plé aici leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúille cinntiú go mbeidh soláthar faoi leith sa chreat náisiúnta pleanála don Ghaeltacht le go bhfásfaidh na ceantair Ghaeltachta agus ag an am céanna go láidreofar na ceantair seo mar cheantair labhartha Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47974/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an creat pleanála seo atá á bheartú ag an Rialtas ceaptha a bheith ann go dtí an bhliain 2040. D'fhéadfadh sé an-drochthionchar a imirt ar an nGaeltacht - pobal atá lag agus leochaileach i láthair na huaire. Cén plé a bhí ag an Aire leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, mar atá ann anois, maidir leis an gceist seo, mar is beag dó atá le feiceáil sa gcreat mar atá sé foilsithe faoi láthair.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teach, d’fhoilsigh an Rialtas Éire 2040 – Ár bPlean i Meán Fómhair. Is ionann an plean seo agus an creatlach pleanála fadtréimhseach faoina ndéanfar cúram d’fhás agus rath na hÉireann. Bainfear leas as an bplean chun rianú a dhéanamh ar na deiseanna pleanála a bheidh ann go ceann scór bliain mar a bhaineann sé le gnóthaí pleanála ar bhonn náisiúnta réigiúnacha agus áitiúla.

Leagtar béim faoi leith sa phlean - a raibh an deis ag an bpobal a dtuairimí a thabhairt ina leith go dtí 3 Samhain - ar a thábhachtaí is atá sé an uathúlacht a bhaineann le cultúr saibhir na hÉireann a chaomhnú agus a chothú agus tá an Ghaeilge mar chuid lárnach den chultúr ar ndóigh. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go dtógfar san áireamh mar is cuí in ullmhúchán an leagain chríochnúil den phlean go bhfuil tábhacht faoi leith ag an nGaeltacht mar fhearann dúchais na Gaeilge agus go mbeifear ag féachaint chuige go dtapaítear le gach deis chun go n-aithnítear é sin mar is cuí sa leagan deiridh.

Mar a bhaineann sé lena bhfuil ar bun agus beartaithe sa ghearrtréimhse maidir leis an nGaeltacht go sonrach, beidh a fhios ag an Teachta go n-aithnítear sa chlár do Rialtas comhpháirtíochta go bhfuil tábhacht faoi leith ag na ceantair Ghaeltachta mar a bhaineann sé leis an ollchuspóir cúram céimiúil a dhéanamh d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Sa chomhthéacs sin, beidh a fhios ag an Teachta go luaitear go sonrach sa chlár go bhfuil sé i gceist díriú ar fhostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta agus spreagadh a thabhairt do leanaí freastal ar réamhscoileanna nó ar naíonraí trí mheán na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, is ábhar sásaimh é, mar shampla, gur éirigh leis an Údarás 559 post a chruthú anuraidh agus go raibh 80 duine breise fostaithe i gcuideachtaí an Údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2016 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Tá sí mar aidhm ag an Údarás 500 post úra a chruthú sa Ghaeltacht sa bhliain reatha.

Chomh fada is a bhaineann sé le gnóthaí luathoideachais sa Ghaeltacht, tá obair fhónta ar bun agus beartaithe ag an eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta a fheidhmíonn faoi scáth an Údaráis chun cúram a dhéanamh den earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht mar thaca d'fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.

Ag croílár na hoibre seo ar ndóigh, tá an próiseas pleanála teanga. Ós rud é nach fada eile go mbeidh ullmhúchán pleananna teanga ar bun sa trí limistéar pleanála teanga in oirthear Ghaeltacht na Gaillimhe, is ionann sin agus an próiseas a bheith idir lámha i ngach aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Eolas breise nár tugadh ar úrlár an Tí.

Mar léiriú ar thiomantas an Rialtais chun cúram a dhéanamh den phróiseas, beidh ciste ionann le €2.65 milliún curtha ar fáil ina leith i mbuiséad 2018. Is ionann sin agus ardú €1.8 milliún thar an allúntas atá ar fáil don phróiseas sa bhliain reatha. Ó cuireadh tús le feidhmiú an phróisis trí bliana ó shin, tá arduithe céimiúla ceadaithe ina leith agus fágann sé seo go bhfuil an ciste pleanála teanga imithe ó €200,000 in 2014 go dtí €2.65 milliún an bhliain seo chugainn.

Níl anseo ach spléachadh ginearálta ar an obair fhónta atá ar bun agus beartaithe ar leas na Gaeltachta. Is léiriú é chomh maith ar dháiríreacht an Rialtais tacú leis na ceantair Ghaeltachta mar fhearann dúchais na Gaeilge. Ní call a rá go leanfaidh mo Roinn féin agus an tÚdarás ag obair as lámh a chéile chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní suntasacha a bheidh ar fáil ón Státchiste chun tacú leis na ceantair Ghaeltachta agus go bhféachfar chuige go ndéantar é seo ar bhealach a luíonn isteach le mianaidhmeanna an chreatlaigh náisiúnta pleanála.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an tAire Stáit ag déanamh magadh den Dáil. Chuir mé ceist simplí: cén plé a bhí ag an Aire Stáit leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil maidir le réiteach an phlean seo? Níor fhreagair sé an cheist sin. Mar sin, b'fhéidir go bhféadfadh sé a rá liom cé mhéad cruinniú a bhí aige leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil maidir le réiteach an chreathlaigh náisiúnta pleanála.

Ag éirí as sin, an bhfuil an tAire Stáit sásta leis an méid atá d'aidhmeanna don Ghaeltacht sa dréachtphlean atá foilsithe? Níl scríofa ann ach "Facilitate fostering and protecting the Irish language, particularly within Gaeltacht regions". Níl aon rud ráite faoi cén bealach nó cén cur chuige a bheidh ann ó thaobh pleanála de leis an nGaeltacht a chosaint. Cé mhéad cruinniú a bhí ag an Aire Stáit leis an Aire leis an gcás seo a phlé?

4:50 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá plé ar siúl agam i gcónaí leis an Aire atá freagrach as an bplean seo. Mar atá a fhios ag an Teachta, bhí struchtúir fhoirmiúla i mo Roinn. Tóg, mar shampla, an próiseas pleanála teanga agus an straitéis 20 bliain agus, sa Roinn Oideachais agus Scileanna, an polasaí oideachais. Chomh maith leis sin,

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

A Leas-Cheann Comhairle, an féidir leis an cheist a fhreagairt?

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl dualgas ar bith ormsa treoir a thabhairt don Aire Stáit.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá plean againn sa Roinn fá dtaobh den teanga, an todhchaí agus poist úra a chruthú. Sin an plean. Níl an plean críochnaithe faoi láthair. B'fhéidir go raibh smaointe fós ag teacht isteach go dtí 3 Samhain.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An 10 Samhain a bhí i gceist.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá plé ar siúl agam i gcónaí leis an Aire atá freagrach as an bplean agus bhí cuid mhór cruinnithe againn fosta. Chomh maith leis sin, tá cuid mhór infreastruchtúir agus príomhbhealaí de dhíth dóibhsean atá ag iarraidh daoine a mhealladh ó Bhaile Átha Cliath go dtí Gaillimh, Daingean Uí Chúis nó ceantair i nGaoth Dóbhair. Mar shampla, tá comhlachtaí i gceantair Ghaeltachta ag iarraidh fostaithe úra a fhostú.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

A Theachta, ní féidir liomsa brú ar bith a chur ar Aire ceisteanna a fhreagairt.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nach é an trua é. Tráthnóna amárach pléifimid bóithre straitéiseacha Gaeltachta. Idir an dá linn, áfach, an bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom an é dhá líne teibí, gan sprioc toradh na hidirghabhála a dúirt an tAire Stáit a raibh aige leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil? An ndearna an tAire Stáit nó a Roinn aighneacht oifigiúil maidir le cúrsaí pleanála agus an Ghaeltacht sa todhchaí a chur chuig an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil? Mar is eol don Aire Stáit, tá soláthar faoi leith sna hAchtanna pleanála a thug muid isteach leis an nGaeilge a chosaint sa nGaeltacht. Mar is eol dó, tá brú faoi leith, mar shampla, ar Ghaeltacht na Gaillimhe, an ceann is láidre sa tír, ó fhás chathair na Gaillimhe - rud atá an Rialtas ag iarraidh dlús a chur leis. An fhreagróidh an tAire Stáit an cheist? Cén plé a bhí aige leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil? An é seo an toradh atá ar an bplé sin? An bhfuil an tAire Stáit sásta leis an toradh sin? Ar chuir a Roinn aighneacht oifigiúil chuig an Aire mar chuid den phróiseas seo. Ceisteanna simplí. Freagraí díreacha, le do thoil, a Aire Stáit.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Freagraí simplí fosta. Níl an creat náisiúnta pleanála críochnaithe faoi láthair. Bhí plé cuimsitheach agam leis an Aire atá freagrach as an bplean seo. Bhí comhairliúchán cuimsitheach ar siúl go dtí 3 Samhain fosta agus níl an plean críochnaithe go fóill. Bhí seans ag an Teachta a thuairimí féin a chur isteach-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimse ag iarraidh tuairimí an Aire Stáit.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim sásta lean ar aghaidh leis seo leis an Aire agus é a phlé roimh an plean deireanach a fhoilsiú. Tá sé tábhachtach fá choinne ceantair Ghaeltachta agus poist a chruthú. Tá sé tábhachtach fá choinne an teanga fosta. Tá polasaí oideachais ag dul ar aghaidh sna ceantair Ghaeltachta. Is é Údarás na Gaeltachta an dream atá freagrach as na rudaí a chruthóidh na poist. Tá an straitéis 20 bliain, an polasaí oideachais, Acht na Gaeltachta agus an próiseas pleanála teanga fite fuaite tríd an plean don todchaí agus an creat náisiúnta atá á dhéanamh againn. Níl sé críochnaithe faoi láthair, ach táim sásta go leanfaidh an comhrá agus an díospóireacht seo inniu ar aghaidh. Ní an cóip deireanach den creat an crua-chóip atá ar fáil faoi láthair agus sin an fhírinne.