Dáil debates
Tuesday, 14 November 2017
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions
An Creat Náisiúnta Pleanála
4:40 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá an tAire Stáit ag déanamh magadh den Dáil. Chuir mé ceist simplí: cén plé a bhí ag an Aire Stáit leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil maidir le réiteach an phlean seo? Níor fhreagair sé an cheist sin. Mar sin, b'fhéidir go bhféadfadh sé a rá liom cé mhéad cruinniú a bhí aige leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil maidir le réiteach an chreathlaigh náisiúnta pleanála.
Ag éirí as sin, an bhfuil an tAire Stáit sásta leis an méid atá d'aidhmeanna don Ghaeltacht sa dréachtphlean atá foilsithe? Níl scríofa ann ach "Facilitate fostering and protecting the Irish language, particularly within Gaeltacht regions". Níl aon rud ráite faoi cén bealach nó cén cur chuige a bheidh ann ó thaobh pleanála de leis an nGaeltacht a chosaint. Cé mhéad cruinniú a bhí ag an Aire Stáit leis an Aire leis an gcás seo a phlé?
No comments