Dáil debates

Tuesday, 14 November 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

An Creat Náisiúnta Pleanála

4:40 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teach, d’fhoilsigh an Rialtas Éire 2040 – Ár bPlean i Meán Fómhair. Is ionann an plean seo agus an creatlach pleanála fadtréimhseach faoina ndéanfar cúram d’fhás agus rath na hÉireann. Bainfear leas as an bplean chun rianú a dhéanamh ar na deiseanna pleanála a bheidh ann go ceann scór bliain mar a bhaineann sé le gnóthaí pleanála ar bhonn náisiúnta réigiúnacha agus áitiúla.

Leagtar béim faoi leith sa phlean - a raibh an deis ag an bpobal a dtuairimí a thabhairt ina leith go dtí 3 Samhain - ar a thábhachtaí is atá sé an uathúlacht a bhaineann le cultúr saibhir na hÉireann a chaomhnú agus a chothú agus tá an Ghaeilge mar chuid lárnach den chultúr ar ndóigh. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go dtógfar san áireamh mar is cuí in ullmhúchán an leagain chríochnúil den phlean go bhfuil tábhacht faoi leith ag an nGaeltacht mar fhearann dúchais na Gaeilge agus go mbeifear ag féachaint chuige go dtapaítear le gach deis chun go n-aithnítear é sin mar is cuí sa leagan deiridh.

Mar a bhaineann sé lena bhfuil ar bun agus beartaithe sa ghearrtréimhse maidir leis an nGaeltacht go sonrach, beidh a fhios ag an Teachta go n-aithnítear sa chlár do Rialtas comhpháirtíochta go bhfuil tábhacht faoi leith ag na ceantair Ghaeltachta mar a bhaineann sé leis an ollchuspóir cúram céimiúil a dhéanamh d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Sa chomhthéacs sin, beidh a fhios ag an Teachta go luaitear go sonrach sa chlár go bhfuil sé i gceist díriú ar fhostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta agus spreagadh a thabhairt do leanaí freastal ar réamhscoileanna nó ar naíonraí trí mheán na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, is ábhar sásaimh é, mar shampla, gur éirigh leis an Údarás 559 post a chruthú anuraidh agus go raibh 80 duine breise fostaithe i gcuideachtaí an Údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2016 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Tá sí mar aidhm ag an Údarás 500 post úra a chruthú sa Ghaeltacht sa bhliain reatha.

Chomh fada is a bhaineann sé le gnóthaí luathoideachais sa Ghaeltacht, tá obair fhónta ar bun agus beartaithe ag an eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta a fheidhmíonn faoi scáth an Údaráis chun cúram a dhéanamh den earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht mar thaca d'fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.

Ag croílár na hoibre seo ar ndóigh, tá an próiseas pleanála teanga. Ós rud é nach fada eile go mbeidh ullmhúchán pleananna teanga ar bun sa trí limistéar pleanála teanga in oirthear Ghaeltacht na Gaillimhe, is ionann sin agus an próiseas a bheith idir lámha i ngach aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Eolas breise nár tugadh ar úrlár an Tí.

Mar léiriú ar thiomantas an Rialtais chun cúram a dhéanamh den phróiseas, beidh ciste ionann le €2.65 milliún curtha ar fáil ina leith i mbuiséad 2018. Is ionann sin agus ardú €1.8 milliún thar an allúntas atá ar fáil don phróiseas sa bhliain reatha. Ó cuireadh tús le feidhmiú an phróisis trí bliana ó shin, tá arduithe céimiúla ceadaithe ina leith agus fágann sé seo go bhfuil an ciste pleanála teanga imithe ó €200,000 in 2014 go dtí €2.65 milliún an bhliain seo chugainn.

Níl anseo ach spléachadh ginearálta ar an obair fhónta atá ar bun agus beartaithe ar leas na Gaeltachta. Is léiriú é chomh maith ar dháiríreacht an Rialtais tacú leis na ceantair Ghaeltachta mar fhearann dúchais na Gaeilge. Ní call a rá go leanfaidh mo Roinn féin agus an tÚdarás ag obair as lámh a chéile chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní suntasacha a bheidh ar fáil ón Státchiste chun tacú leis na ceantair Ghaeltachta agus go bhféachfar chuige go ndéantar é seo ar bhealach a luíonn isteach le mianaidhmeanna an chreatlaigh náisiúnta pleanála.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.