Dáil debates

Tuesday, 2 May 2017

Other Questions

Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte

7:20 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

49. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuair aon bhaile, atá suite i gcroílár Ghaeltacht Chonamara agus atá chomh tábhachtach sin d'inmharthanacht na Gaeltachta, aon chabhair faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte; agus má fuair, an gcuirfidh sí an bhliain inar tugadh an chabhair agus sonraí na cabhrach sin in iúl; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20432/17]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuair aon bhaile atá suite i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, agus atá chomh tábhachtach sin d'inmharthanacht na Gaeltachta, aon chabhair faoin scéim athnuachana bailte agus sráidbhailte? Má fuair, an gcuirfidh an tAire an bhliain inar tugadh an chabhair agus sonraí na cabhrach sin in iúl don Teach?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta as ucht na ceiste sin. Tá mé ag tógáil an cheist seo thar ceann an Aire shinsearaigh. Seoladh an chéad scéim athnuachana bailte agus sráidbhailte i mí Iúil 2016, le maoiniú de €10 milliún, chun tacú le hathnuachan bailte agus sráidbhailte tuaithe ar fud na hÉireann. Rinneadh an scéim a reáchtáil trí na h-údaráis áitiúla agus tugadh cuireadh do gach contae suas le ocht dtogra a sheoladh isteach lena mbreithniú i gcomhair maoinithe.

Rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe iarratas ar mhaoiniú do ocht mbaile. Bhí ceann amháin acu - Ros Muc - i nGaeltacht Chonamara. Ceadaíodh maoiniú de €42,000 do Ros Muc chun cosán a chríochnú ar thaobh an R340 ó ionad nua léirmhínithe an Phiarsaigh go tailte an Chumainn Lúthchleas Gael atá á n-úsáid mar charrchlós farasbairr don ionad.

Ar an 13 Aibreán i mbliana, seoladh scéim fheabhsaithe athnuachana bailte agus sráidbhailte do 2017 mar chuid den phlean gníomhaíochta um fhorbairt tuaithe. Faoin scéim seo déanfar €20 milliún a infheistiú i mbailte agus sráidbhailte ar fud cheantar tuaithe na hÉireann sna 15 mhí amach romhainn.

Beidh scéim 2017 á riar trí na h-údaráis áitiúla i ndlúthchomhar le leasa pobail agus gnó agus bheinn ag súil go mbainfeadh suas le 300 baile agus sráidbhaile tairbhe ón mhaoiniú. Tá an scéim seo dírithe go sonrach ar bhailte agus sráidbhailte faoin tuath a bhfuil daonra níos lú ná 10,000 iontu.

Cuirfear fáilte faoi leith roimh thionscadail a bhfuil tionchair dhearfacha eacnamaíocha ar an mbaile nó sráidbhaile ag baint leo nó lena spreagfar gníomhaíocht eacnamaíoch idir baile nó sráidbhaile agus na bailte fearainn in aice láimhe mar an gcéanna le tionscadail a léiríonn giaráil nó naisc le scéimeanna eile arna n-oibriú ag Ranna nó gníomhaireachtaí Rialtais.

Tá sonraí uile an phróisis iarratais seolta chuig na h-údaráis áitiúla agus is é an 30 Meitheamh 2017 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ros Muc an t-aon áit i gConamara a bhfuair cabhair an bhliain seo caite - an chéad bhliain den scéim seo. An bhfuil treoirlínte nó rialacháin i gceist don chóras áitiúil maidir le bailte i gcroílár na Gaeltachta? Cén chaoi ar tharla sé nach raibh i gceist i gConamara ach baile beag amháin? Cad mar gheall ar an Cheathrú Rua, Carna agus an Spidéal? An raibh iarratais ó na bailte sin? An bhfuil treoirlínte ann ó thaobh cothromaíochta de agus ó thaobh na teanga de? Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil ceist na teanga agus fostaíocht fite fuaite ina chéile sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil air sin.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an comhairle contae lárnach sa phróiseas seo agus an chéad rud a theastaíonn ná iarratas ón bpobal tríd an gcomhairle contae. Tá a fhios agam go bhfuair a lán ceantair eile - Carna, Cill Chiaráin agus an Mám ina measc - airgead tríd an scéim CLÁR.

Bhí cuid dóibh cosúil lena chéile ó thaobh na rudaí go bhféadfaí a dhéanamh tríd an scéim CLÁR agus an scéim seo. An chéad rud a theastaíonn ná iarratas ón bpobal tríd an gcomhairle contae. Más rud é go bhfuil aon smaointe ag an Teachta maidir le rudaí a theastaíonn in aon bhaile sa cheantar Gaeltachta, beidh an Teachta in ann é sin a chur os comhair an chomhairle contae chun iarratas a chur isteach.