Dáil debates

Tuesday, 2 May 2017

Other Questions

Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte

7:20 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta as ucht na ceiste sin. Tá mé ag tógáil an cheist seo thar ceann an Aire shinsearaigh. Seoladh an chéad scéim athnuachana bailte agus sráidbhailte i mí Iúil 2016, le maoiniú de €10 milliún, chun tacú le hathnuachan bailte agus sráidbhailte tuaithe ar fud na hÉireann. Rinneadh an scéim a reáchtáil trí na h-údaráis áitiúla agus tugadh cuireadh do gach contae suas le ocht dtogra a sheoladh isteach lena mbreithniú i gcomhair maoinithe.

Rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe iarratas ar mhaoiniú do ocht mbaile. Bhí ceann amháin acu - Ros Muc - i nGaeltacht Chonamara. Ceadaíodh maoiniú de €42,000 do Ros Muc chun cosán a chríochnú ar thaobh an R340 ó ionad nua léirmhínithe an Phiarsaigh go tailte an Chumainn Lúthchleas Gael atá á n-úsáid mar charrchlós farasbairr don ionad.

Ar an 13 Aibreán i mbliana, seoladh scéim fheabhsaithe athnuachana bailte agus sráidbhailte do 2017 mar chuid den phlean gníomhaíochta um fhorbairt tuaithe. Faoin scéim seo déanfar €20 milliún a infheistiú i mbailte agus sráidbhailte ar fud cheantar tuaithe na hÉireann sna 15 mhí amach romhainn.

Beidh scéim 2017 á riar trí na h-údaráis áitiúla i ndlúthchomhar le leasa pobail agus gnó agus bheinn ag súil go mbainfeadh suas le 300 baile agus sráidbhaile tairbhe ón mhaoiniú. Tá an scéim seo dírithe go sonrach ar bhailte agus sráidbhailte faoin tuath a bhfuil daonra níos lú ná 10,000 iontu.

Cuirfear fáilte faoi leith roimh thionscadail a bhfuil tionchair dhearfacha eacnamaíocha ar an mbaile nó sráidbhaile ag baint leo nó lena spreagfar gníomhaíocht eacnamaíoch idir baile nó sráidbhaile agus na bailte fearainn in aice láimhe mar an gcéanna le tionscadail a léiríonn giaráil nó naisc le scéimeanna eile arna n-oibriú ag Ranna nó gníomhaireachtaí Rialtais.

Tá sonraí uile an phróisis iarratais seolta chuig na h-údaráis áitiúla agus is é an 30 Meitheamh 2017 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.