Dáil debates

Wednesday, 1 June 2016

2:30 pm

Photo of Lisa ChambersLisa Chambers (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

38. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht é na tosaíochtaí a bheidh aici i leith na noileán do thearma an rialtais seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobhx [13319/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go maith na dúshláin a bhaineann le cothabháil agus forbairt pobail inbhuanaithe ar na hoileáin, agus an gá leanúnach le seirbhísí sásúla agus infreastruchtúr forbartha a sholáthar. Beidh cur chun cinn forbairt inbhuanaithe na n-oileán mara a bhfuil daonra orthu ina thosaíocht agamsa mar Aire Stáit le freagracht do na hoileáin.

Faoi láthair, cuireann mo Roinn fóirdheontais ar fáil chun tacú le seirbhísí iompar chuig oileáin áirithe thart timpeall an chósta. Tá na seirbhísí seo comhdhéanta de sheirbhísí farantóireachta paisinéara agus lastas.

Tugann mo Roinn fóirdheontas freisin chun seirbhís aeir a chur ar fáil chuig na trí Oileán Árann faoi chonradh Oibleagáid Sheirbhís Phoiblí, PSO. Mar chuid de seo, cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil don seirbhís bainistíochta do na haeradróim atá lonnaithe ar na hoileáin.

San iomlán, tá seirbhísí taisteal fóirdheonaithe á maoiniú ag mo Roinn do 19 oileán i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Corcaigh.

Tá sé i gceist agam leanúint leis na seirbhísí rochtana seo atá riachtanach chun caighdeán maireachtála na n-oileánach a chothabháil agus a fheabhsú.

Chomh maith leis sin, tá mo Roinn ag maoiniú na struchtúir bhainistíochta ar na hoileáin neamh-Ghaeltachta agus tá sé i gceist agam go leanfar leis an obair thábhachtach seo.

Beidh sé i gceist freisin ag mo Roinn éascaíocht a dhéanamh, feadh a cumais, do sholáthar seirbhísí níos éifeachtaí agus níos comhtháite do na hoileáin, go háirithe trí údaráis áitiúla agus trí ghníomhaireachtaí eile Stáit.

2:40 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom an mbeidh na cistí bunstruchtúir ag aistriú ar ais go dtí an Roinn? Mar is eol dó, sa deich mbliain sular tháinig an Rialtas deiridh isteach caitheadh €100 milliún ar bhunstruchtúir ar na hoileáin – rudaí ar nós céibheanna, ionaid sláinte, áiseanna spóirt agus caitheamh aimsire agus mar sin de. An mbeidh ciste bunstruchtúir aige agus an mbeidh freagracht aigesean as cistiú a leithéad de chéibheanna ar oileáin agus ar uile? Má tá i gceist go mbeidh, an bhféadfadh sé a rá liom cé mhéad airgid a chuirfear ar fáil dó le haghaidh na hoibreacha sin?

An mbeidh ionchur ag an Aire Stáit i gcúrsaí cosúil le hoideachas? An mbeidh ionchur aige i gceist na scoileanna beaga oileánda agus na bunscoileanna a chailleann múinteoirí agus nach bhfaigheann an dara múinteoir arís go dtí go mbeidh 15 duine sa scoil má thiteann siad faoi bhun ochtar dalta? An mbeidh ionchur aige sna rudaí sin, maidir le fadhbanna atá ag na meánscoileanna agus maidir le cúrsaí sláinte ar na hoileáin? Céard é an t-ionchur a bheas aige sna rudaí sin?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh an bunstruchtúir de, beidh mé ag iarraidh níos mó airgid caipitil chun infreastruchtúr níos fearr a chur ar fáil ar na hoileáin agus deisiú a dhéanamh ar an infreastruchtúir atá ann faoi láthair. Pléifidh mé é seo leis na hoifigigh i mo Roinn agus tá sé tábhachtach go mbeidh mé in ann airgead caipitil a fháil do na hoileáin, cé go bhfuil eacnamaíocht na tíre tar éis feabhsú.

Beidh ról agam maidir leis na céibheanna de. Mar shampla, bhí €8 milliún ceadaithe ag an Roinn Comhshaoil; Pobail agus Rialtais Áitiúil don chéibh nua in Inis Oírr. Gheobhaidh siad an t-airgead sin sa Roinn Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta agus pléifidh mé an cheist sin leis an Ard-Rúnaí freisin.

Ó thaobh oideachais de, tá sé ráite agam roimhe seo go raibh mé ag iarraidh cruinniú a eagrú leis an Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Bruton, agus bhí mé ag caint leis an tseachtain seo caite. Tá sé chun an cruinniú sin a eagrú chun na ceisteanna seo, maidir leis na hoileáin, maidir leis an pupil-teacher ratio agus maidir leis an polasaí atá foilsithe idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta, a phlé. Ní bheidh ról ag mo Roinnse maidir le sláinte ach arís beidh mé sásta na rudaí difriúla a theastaíonn sna hoileáin ó thaobh sláinte de a phlé leis an Aire Sláinte.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit maidir leis an méid a dúirt sé faoi chúrsaí oideachais. Go n-éirí an bóthar leis ansin. Ar thuig mé go mbeidh na cistí atá ag an Roinn Comhshaoil; Pobail agus Rialtais Áitiúil do chéibh Inis Oírr ag aistriú go dtí a Roinn agus go mbeidh siad faoina chúram? Is dea-scéal é sin agus molaim é as é sin a bhaint amach. Ceapaim féin go mba cheart go mbeadh bunstruchtúr na n-oileán faoin rannóg oileánda. Bhí mé den dearcadh sin ariamh. Is dul chun cinn maith é sin.

Ó thaobh cúrsaí sláinte de, bhí córas comh-mhaoinithe ó na cistí bunstruchtúir i bhfeidhm nuair a bhí mise sa Roinn. Mar shampla, dhéanfadh muid comh-mhaoiniú ar ionaid sláinte ar na hoileáin. Is é an buntáiste a bhain leis sin ná go raibh an HSE sásta tosaíocht a thabhairt do ghnóthaí oileánda. An mbeidh a leithéid den chomh-mhaoiniú sin i gceist i rith a thréimhse mar Aire Stáit?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Phlé mé an cheist seo leis An Taoiseach arís an tseachtain seo caite. Tá sé sásta go mbeadh ciste don Ghaeltacht agus do na hoileáin ann a bheadh seisean i gceannas ar agus a bheadh idir na Ranna Sláinte; Iompair; Turasóireachta agus Spóirt; Oideachais agus Scileanna agus aon Roinn eile atá aon bhaint aici leis na hoileáin. Nuair a bhí mé sa chruinniú cinn bhliana de Chomhdháil na nOileán, bhí daoine ag iarraidh go mbeadh rud mar seo ann. Tá An Taoiseach sásta é sin a dhéanamh agus beidh sé ina cheannaire ar an gciste sin. Tá sé sin tábhachtach.

Beidh muid in ann na ceisteanna maidir le cúrsaí sláinte a phlé. Tá a fhios agam go raibh deacrachtaí ann anuraidh maidir le cén Roinn a bhí freagrach as an ionad sláinte nua a thógáil ar - Inis Bó Finne - an Roinn Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta nó an Roinn Sláinte. Ceadaíodh airgead don ionad ach níl cead pleanála acu fós. Tá a fhios agam go raibh an cheist sin ann. Is ceist thábhachtach í agus beidh ról ag an gciste idir-rannach sin maidir léi.

Written Answers follow Adjournment.