Dáil debates

Wednesday, 1 June 2016

Other Questions

Forbairt na nOileán

2:30 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tuigim go maith na dúshláin a bhaineann le cothabháil agus forbairt pobail inbhuanaithe ar na hoileáin, agus an gá leanúnach le seirbhísí sásúla agus infreastruchtúr forbartha a sholáthar. Beidh cur chun cinn forbairt inbhuanaithe na n-oileán mara a bhfuil daonra orthu ina thosaíocht agamsa mar Aire Stáit le freagracht do na hoileáin.

Faoi láthair, cuireann mo Roinn fóirdheontais ar fáil chun tacú le seirbhísí iompar chuig oileáin áirithe thart timpeall an chósta. Tá na seirbhísí seo comhdhéanta de sheirbhísí farantóireachta paisinéara agus lastas.

Tugann mo Roinn fóirdheontas freisin chun seirbhís aeir a chur ar fáil chuig na trí Oileán Árann faoi chonradh Oibleagáid Sheirbhís Phoiblí, PSO. Mar chuid de seo, cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil don seirbhís bainistíochta do na haeradróim atá lonnaithe ar na hoileáin.

San iomlán, tá seirbhísí taisteal fóirdheonaithe á maoiniú ag mo Roinn do 19 oileán i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Corcaigh.

Tá sé i gceist agam leanúint leis na seirbhísí rochtana seo atá riachtanach chun caighdeán maireachtála na n-oileánach a chothabháil agus a fheabhsú.

Chomh maith leis sin, tá mo Roinn ag maoiniú na struchtúir bhainistíochta ar na hoileáin neamh-Ghaeltachta agus tá sé i gceist agam go leanfar leis an obair thábhachtach seo.

Beidh sé i gceist freisin ag mo Roinn éascaíocht a dhéanamh, feadh a cumais, do sholáthar seirbhísí níos éifeachtaí agus níos comhtháite do na hoileáin, go háirithe trí údaráis áitiúla agus trí ghníomhaireachtaí eile Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.