Dáil debates
Wednesday, 1 June 2016
Other Questions
Forbairt na nOileán
2:40 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit maidir leis an méid a dúirt sé faoi chúrsaí oideachais. Go n-éirí an bóthar leis ansin. Ar thuig mé go mbeidh na cistí atá ag an Roinn Comhshaoil; Pobail agus Rialtais Áitiúil do chéibh Inis Oírr ag aistriú go dtí a Roinn agus go mbeidh siad faoina chúram? Is dea-scéal é sin agus molaim é as é sin a bhaint amach. Ceapaim féin go mba cheart go mbeadh bunstruchtúr na n-oileán faoin rannóg oileánda. Bhí mé den dearcadh sin ariamh. Is dul chun cinn maith é sin.
Ó thaobh cúrsaí sláinte de, bhí córas comh-mhaoinithe ó na cistí bunstruchtúir i bhfeidhm nuair a bhí mise sa Roinn. Mar shampla, dhéanfadh muid comh-mhaoiniú ar ionaid sláinte ar na hoileáin. Is é an buntáiste a bhain leis sin ná go raibh an HSE sásta tosaíocht a thabhairt do ghnóthaí oileánda. An mbeidh a leithéid den chomh-mhaoiniú sin i gceist i rith a thréimhse mar Aire Stáit?
No comments