Dáil debates

Wednesday, 1 June 2016

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Seirbhísí Eitilte

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

29. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici an próiseas tairisceana maidir leis an aersheirbhís chuig Oileáin Árann a tharraingt siar chun é a leasú agus ceann eile a chur ina áit; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13679/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, rinneadh athbhreithniú sa bhliain 2014 ar riachtanas na seirbhíse aeir seo, i gcomhréir le rialacháin an Aontais Eorpaigh. Cuireadh tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid mo Roinne a chlúdaigh an tréimhse ó 2003 go 2013. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar leibhéal agus ar threocht na gcostas don tseirbhís aeir agus ar an gcomhréireacht idir an oibleagáid seirbhíse poiblí agus riachtanais forbartha eacnamaíochta an réigiúin. I measc nithe eile, léiríodh sa tuarascáil go raibh caiteachas bliantúil mo Roinne ar an tseirbhís aeir tar éis méadú faoi 136% le linn na tréimhse athbhreithnithe, cé gur fhan líon na bpaisinéirí a bhí á n-iompar mórán mar a chéile. Ar an mbunús sin, dúradh sa tuarascáil go raibh sé riachtanach breathnú ar roghanna éagsúla chun luach níos fearr a fháil ar airgead don Státchiste. Is sa chomhthéacs sin a d'ullmhaigh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, an t-iarratas ar thairiscintí atá faoi chaibidil. Ar ndóigh, thug mo Roinn faoin obair seo in 2015 chomh maith ach, de bharr éiginnteacht faoi stádas Aerfort na Gaillimhe nach raibh ar fáil do thréimhse an chonartha, cuireadh deireadh leis an bpróiseas áirithe sin.

Sa phróiseas tairisceana atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair, is é Aerfort na Mine amháin atá luaite mar phointe imeachta ar an mórthír. Tá mo Roinn, i láthair na huaire, ag iarraidh teacht ar chomhaontú le bainistíocht na saoráidí sin a chuimseoidh rochtain ar na saoráidí mar aon leis an leibhéal táillí a bheidh iníoctha. Ní mór do mo Roinnse, ar ndóigh, na rialacha maidir le tras-fhóirdheonú agus státchabhair a shásamh sa phróiseas seo uile. Mar a chuir mé in iúl don Teachta mar fhreagra ar Cheist Uimh. 173 uaidh ar 26 Bealtaine, tá spriocdháta den 17 Meitheamh 2016 chun tairiscintí a bheith faighte faoin bpróiseas tairisceana atá ar siúl maidir leis an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtosach báire, gabhaim chuile rath ar an Aire Stáit ina phost nua. Tá mé cinnte go mbeidh go léir rudaí spéisiúla le plé againn as seo go ceann cibé cén fhad a mhairfeadh an Rialtas seo. Dúirt an tAire Stáit an tseachtain seo caite go raibh sé ag scrúdú gnéithe uilig an cháis. An cheist atá agam ná seo. An bhfuil sé i gceist aige é seo a chríochnú roimh an 17 Meitheamh? An bhfuil seans ann go dtarraingeoidh sé siar an t-iarratas ar thairiscintí? Chomh maith le sin, an bhféadfadh sé a rá liom nó a dheimhniú go bhfuil an Roinn tar éis tairiscintí a lorg don tseirbhís gan réamh-shocrú a bheith déanta maidir le costas na seirbhíse ó thaobh an aerstráice sna Mine. An nglacfaí leis go bhfuil an costas nó na táillí atá i gceist a ghearradh ar na hoileánaigh agus ar thurasóirí i bhfad ró-ard? Mar is eol don Aire Stáit, cuireadh é sin ina láthair cheana ag cruinniú a bhí ag na hoileánaigh leis le gairid.

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Theachta. Tá an t-am istigh.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta Ó Cuív as ucht an cúpla focal sin agus é ag gabháil comhghairdeachas liom. Tá mé an-sásta obair leis agus urlabhraí eile chuile pháirtí as seo amach. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil próiseas ar bun agus go gcaithfidh mé a bheith cúramach faoi chuile rud a deirim faoin gceist seo. Níl mé ag iarraidh an Roinn a bheith os comhair na cúirteanna ó thaobh aon rud a deirim. Tá taithí ag an Teachta leis an bpróiseas seo ó bheith ag déileáil leis agus tá a fhios aige go raibh an Roinn ar chéimeanna na cúirte anuraidh maidir leis an gconradh PSO seo.

Táim ag iarraidh go mbeidh seirbhís aeir fhadtréimhseach ag muintir Árann. Táim tar éis cuireadh chun cruinnithe a thabhairt don Teachta Ó Cuív mar aon le Teachtaí agus Seanadóirí eile sa Dáilcheantar, seachas an Seanadóir nua atá tofa. Ní bheadh sé ceart go mbeadh an tSeanadóir Ó Céidigh i láthair linn. Tá súil agam go mbeidh chuile dhuine in oifigí na Roinne Dé hAoine seo chun é seo a phlé leis na feidhmeannaigh ón Roinn freisin. Tá a fhios agam go raibh sibh ag iarraidh an cruinniú seo ar feadh tamaill.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá gur dea-scéal é sin. Glacaim go fonnmhar leis an gcuireadh a bheith ann. Cinnte ní mór é seo a phlé. Aontaím leis an Aire Stáit go bhfuil srianta áirid ar an méid is féidir a rá, ach níl aon srianta ar na ceisteanna polasaí. Déarfar leis an Aire Stáit go bhfuil, ach níl. Mar sin, is féidir leis, mar shampla, an t-iarratas seo a tharraingt siar agus a rá go bhfuil an méid a bhainfear de na hoileánaigh as cor ar fad agus go dtosóimid as an nua arís.

Chomh maith le sin, mar a d'iarr mé ar an Aire Stáit, an féidir leis deimhniú go lorgaíodh ar na tairiscintí seo sular raibh aon socrú déanta le bainistíocht Aerfort na Mine maidir leis an gostas a bhainfeadh leis na seirbhísí sin a n-úsáid. Más mar sin é, creidim go bhfuil locht ollmhór ar an méid atá déanta go dáta. Níl an locht ar an Aire Stáit; ní raibh aon smacht aige air mar ní raibh sé ina Aire Stáit ag an am. Ach dá bhféadfadh sé é sin a dheimhniú, sílim go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh an tuiscint sin againn inniu, mar sin an tuiscint a bhain mé as an méid a dúirt sé.

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Aire Stáit chun críochnú ar an ábhar seo.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil an chumhacht agam an t-iarratas a tharraingt siar. Níl cinneadh déanta agus, mar a dúirt mé, tá mé ag breathnú ar chuile rud a bhaineann leis an rud seo ó thaobh comhairle dlí agus rudaí mar sin. Tá a lán rudaí le plé againn ag an gcruinniú Dé hAoine ó thaobh na ceisteanna práinneach atá ag an Teachta Ó Cuív agus ag na Teachtaí agus Seanadóirí eile ó thaobh an rud seo. An rud is tábhachtaí ná go mbeidh seirbhís aeir ar fáil. Sin atáim ag iarraidh a dhéanamh. Mar a dúirt mé, tá mé ag fáil comhairle maidir le seo. Tá a fhios agam go bhfuil imní ar mhuintir Árann ó thaobh chostas na seirbhíse agus tá an rud sin lárnach san iarratas. Beidh mé ag breathnú air sin agus beidh mé ag súil leis an gcruinniú Dé hAoine chun na rudaí seo a phlé leis an Teachta Ó Cuív agus leis na Teachtaí agus Seanadóirí eile.