Dáil debates
Wednesday, 1 June 2016
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions
Seirbhísí Eitilte
1:30 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta Ó Cuív as ucht an cúpla focal sin agus é ag gabháil comhghairdeachas liom. Tá mé an-sásta obair leis agus urlabhraí eile chuile pháirtí as seo amach. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil próiseas ar bun agus go gcaithfidh mé a bheith cúramach faoi chuile rud a deirim faoin gceist seo. Níl mé ag iarraidh an Roinn a bheith os comhair na cúirteanna ó thaobh aon rud a deirim. Tá taithí ag an Teachta leis an bpróiseas seo ó bheith ag déileáil leis agus tá a fhios aige go raibh an Roinn ar chéimeanna na cúirte anuraidh maidir leis an gconradh PSO seo.
Táim ag iarraidh go mbeidh seirbhís aeir fhadtréimhseach ag muintir Árann. Táim tar éis cuireadh chun cruinnithe a thabhairt don Teachta Ó Cuív mar aon le Teachtaí agus Seanadóirí eile sa Dáilcheantar, seachas an Seanadóir nua atá tofa. Ní bheadh sé ceart go mbeadh an tSeanadóir Ó Céidigh i láthair linn. Tá súil agam go mbeidh chuile dhuine in oifigí na Roinne Dé hAoine seo chun é seo a phlé leis na feidhmeannaigh ón Roinn freisin. Tá a fhios agam go raibh sibh ag iarraidh an cruinniú seo ar feadh tamaill.
No comments