Dáil debates

Wednesday, 1 June 2016

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Seirbhísí Eitilte

1:30 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, rinneadh athbhreithniú sa bhliain 2014 ar riachtanas na seirbhíse aeir seo, i gcomhréir le rialacháin an Aontais Eorpaigh. Cuireadh tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid mo Roinne a chlúdaigh an tréimhse ó 2003 go 2013. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar leibhéal agus ar threocht na gcostas don tseirbhís aeir agus ar an gcomhréireacht idir an oibleagáid seirbhíse poiblí agus riachtanais forbartha eacnamaíochta an réigiúin. I measc nithe eile, léiríodh sa tuarascáil go raibh caiteachas bliantúil mo Roinne ar an tseirbhís aeir tar éis méadú faoi 136% le linn na tréimhse athbhreithnithe, cé gur fhan líon na bpaisinéirí a bhí á n-iompar mórán mar a chéile. Ar an mbunús sin, dúradh sa tuarascáil go raibh sé riachtanach breathnú ar roghanna éagsúla chun luach níos fearr a fháil ar airgead don Státchiste. Is sa chomhthéacs sin a d'ullmhaigh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, an t-iarratas ar thairiscintí atá faoi chaibidil. Ar ndóigh, thug mo Roinn faoin obair seo in 2015 chomh maith ach, de bharr éiginnteacht faoi stádas Aerfort na Gaillimhe nach raibh ar fáil do thréimhse an chonartha, cuireadh deireadh leis an bpróiseas áirithe sin.

Sa phróiseas tairisceana atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair, is é Aerfort na Mine amháin atá luaite mar phointe imeachta ar an mórthír. Tá mo Roinn, i láthair na huaire, ag iarraidh teacht ar chomhaontú le bainistíocht na saoráidí sin a chuimseoidh rochtain ar na saoráidí mar aon leis an leibhéal táillí a bheidh iníoctha. Ní mór do mo Roinnse, ar ndóigh, na rialacha maidir le tras-fhóirdheonú agus státchabhair a shásamh sa phróiseas seo uile. Mar a chuir mé in iúl don Teachta mar fhreagra ar Cheist Uimh. 173 uaidh ar 26 Bealtaine, tá spriocdháta den 17 Meitheamh 2016 chun tairiscintí a bheith faighte faoin bpróiseas tairisceana atá ar siúl maidir leis an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.