Dáil debates

Thursday, 12 November 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Eitilte

9:40 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

2. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí soiléiriú maidir leis na céimeanna atá á nglacadh ag an Roinn chun próiseas nua tairisceana a chur ar bun maidir leis an aersheirbhís go hÁrainn; cén rannpháirtíocht a bheidh ag pobal an oileáin sa phróiseas; agus an bhfuil sí ábalta a dheimhniú gur seirbhís eitleáin sciatháin dhobhogtha amach as Aerfort Réigiúnach Chonamara a bheidh á lorg. [39632/15]

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An dtabharfaidh an Aire soiléiriú maidir leis na céimeanna atá á nglacadh ag a Roinn chun próiseas nua tairisceana a chur ar fáil maidir le seirbhís aeir go dtí Oileáin Árann? Cén rannpháirtíocht a bheidh ag an bpobal sa phróiseas nua seo? An ndeimhneoidh sí gur seirbhís eitleán sciatháin dhobhogtha a bheidh ann agus gurb as Aerfort Chonamara a bheidh an seirbhís á chur ar fáil?

Photo of Seán BarrettSeán Barrett (Dún Laoghaire, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Teachta. Gabh mo leithscéal, glaoim ar an Aire Stáit.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ná bí buartha faoi sin, a Cheann Comhairle. Mar is eol don Teachta, rinne mo Roinn athbhreithniú a choimisiúnú anuraidh ar an tseirbhís aeir i gcomhréir leis an Rialachán AE ábhartha. Léirigh an t-athbhreithniú a rinne EY go raibh cás socheacnamaíoch ann don tseirbhís aeir. Léiríodh fosta go raibh sé riachtanach sábháiltí a bhaint amach i gcomhthéacs an mhéadaithe de 136% a bhí tagtha ar chostas na seirbhíse aeir le linn na tréimhse athbhreithnithe deich mbliana a bhí faoi chaibidil sa tuarascáil.

Bunaithe ar mholtaí an athbhreithnithe agus tar éis dul i ndáil chomhairle le pobal Oileáin Árann, cuireadh próiseas tairisceana ar bun chun conradh a aontú don tseirbhís aeir don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019. Is í an Oifig um Sholáthar Rialtais a bhí i mbun an phróisis tairisceana a reáchtáil thar ceann mo Roinne i gcomhréir leis an Rialachán AE. Ós rud é nach bhfuil sainmhíniú ná teorannú déanta ag an AE ar na cineálacha aerárthaí ar ar féidir bealaí faoi oibleagáid seirbhíse poiblí a thairiscint ina leith, ní fhéadfaí a leithéid a dhéanamh faoin bpróiseas tairisceana.

Ón uair gur bunaíodh an oibleagáid seirbhíse poiblí faoin Rialachán AE i 2001, bhí Aerfort na Gaillimhe agus Aerfort na Mine san áireamh i ngach aon phróiseas tairisceana don tseirbhís aeir. Ciallaíonn an cur chuige seo go bhfuil an próiseas iomaíoch is leithne ann chun an luach is fearr ar airgead a fháil don Státchiste.

Tar éis measúnú a bheith déanta ar na hiarratais faoin bpróiseas tairisceana, fógraíodh an tairgeoir roghnaithe don chonradh seirbhíse aeir ar an 26 Lúnasa faoi réir chomhlíonadh tréimhse sosa deonaí de 14 lá. Le linn an phróisis tairisceana, tháinig sé chun solais go raibh éiginnteacht ag baint le hAerfort na Gaillimhe a bheith ar fáil don tairgeoir roghnaithe don tréimhse iomlán ceithre bliana den chonradh a bhí beartaithe. Tar éis do mo Roinn soiléiriú a fháil maidir leis seo, tógadh an cinneadh go raibh údair oibiachtúla ann chun deireadh a chur leis an bpróiseas tairisceana. Cuireadh an cinneadh sin in iúl do na tairgeoirí agus chuaigh mo Roinn i mbun idirbheartaíochta leis an soláthróir reatha chun conradh eatramhach bliana a aontú go 30 Meán Fómhair 2016.

Le linn na tréimhse atá amach romhainn, beidh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, ag tabhairt faoi phróiseas tairisceana úr chun conradh ceithre bliana a aontú don tréimhse ó 1 Deireadh Fómhair 2016. Déanfar é seo i gcomhréir leis na riachtanais dhlíthiúla faoi na rialacha náisiúnta soláthair agus an Rialachán AE ábhartha.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire Stáit. Is é an rud atá déanta ag an Aire Stáit ná stair na ceiste seo a chur os comhair an Tí. Tá eolas maith againn ar an stair. Tá scata ceist faoi leith agamsa. An bhfuil an próiseas úr tosaithe ó thaobh an PSO fá choinne na ceithre bliana amach anseo? An bhfuil an Oifig um Sholáthar Rialtais ag plé leis an gceist seo arís? Má tá, an bhfuil critéir nua leagtha amach fá choinne an PSO ar feadh na ceithre bliana sin? An féidir leis an Aire Stáit iad san a fhoilsiú? An gcinnteoidh na critéir seo gur seirbhís as Aerfort Chonamara a bheidh ann san tairiscint úr? An seirbhís eitleán sciatháin dhobhogtha a bheidh ann? An mbeidh ionadaithe ar son phobal na n-oileán ar an painéal measúnaithe? Cén scála ama a bheidh ann agus tairiscint á dhéanamh agus deireadh leis an bpróiseas seo?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh comhairliúchán cuimsitheach ag dul ar aghaidh amach anseo. Bhí díospóireacht agam leis na daoine ar Oileáin Árann. Comhrá neamh-fhoirmiúil a bhí i gceist ansin. Bhí cruinniú agam mí ó shin le mo chuid oifigigh agus bhí cruinniú agam le Comhdháil na nOileán. D'ardaigh na daoine a bhí ag an gcruinniú sin an ábhar seo. Maidir le cén uair a bheidh an conradh úr fógraithe, le cloí leis an rialachán, caithfidh an próiseas tairisceana úr a bheidh fógraithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi 30 Márta 2016. Níl mé in ann freagra a thabhairt ar na ceisteanna maidir leis an gcineál tairiscintí a bheidh ar fáil nó an sciatháin dhobhogtha a bheidh ann. An príomhrud anois ná an comhrá le muintir Árann. Tá stair mór ann ó thaobh na ceiste seo agus eolas againn as sin. Tá súil agam go gcoimeádfaidh na cinnirí ar Oileáin Árann leis an obair atá ar siúl acu ar son mhuintir Árann. Bhí daoine faoi bhrú san am atá imithe tharainn. B'fhéidir gurb é an rud is tábhachtaí amach anseo ná an comhrá agus an díospóireacht idir na geallshealbhóirí.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh an próiseas seo a bheith críochnaithe roimh 30 Márta an bhliain seo chugainn. Níl ann ach ceithre mhí go leith agus aimsir na Nollag ina lár. Cathain a bheidh an próiseas ag tosú go hoifigiúil? Cathain a bheidh critéir leagtha amach ó thaobh na tairiscintí? Cathain a dhéanfar cinneadh gurb as Aerfort Chonamara nó as an dá aerfoirt a chaithfear an seirbhís seo a chur ar fáil? Cathain a dhéanfar cinneadh gurb seirbhís eitleán sciatháin dhobhogtha in Indreabhán a bheidh á chur ar fáil? Cathain a bheidh cinnteacht ann nach mbeidh an córas lochtadh a bhí ann anuraidh á n-úsáid nuair a thógadh an tseirbhís seo as Indreabhán go dtí Aerfort na Gaillimhe? Caithfidh cinéal cinnteacht a bheith ag pobal an cheantair. Ní hamháin gur chóir go mbeadh comhairliúchán ann ach ba chóir comhairliúchán oifigiúil a bheith ann. An mbeidh ionadaithe phobail na n-oileán ar an painéal measúnaithe? Sin ceist mhór fosta.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cinnte go bhfuil an cheist seo iontach tábhachtach. Bhí cruinniú agam le Comhdháil na nOileán ach beidh mé ag iarraidh cruinniú eile leis na ngeallsealbhóirí ar na hoileáin. Tá sé ar m'intinn cruinniú a eagrú amach anseo. Tríd an próiseas, roimh na rudaí éiginnteachta teacht ar an bhfód, bhí mé faoi bhrú toisc an t-eolas a bhfuair mé ón Ard-Aighne. Ní raibh mé in ann aon fhocal a rá faoi ag an am toisc gurbh próiseas neamhspleách a bhí i gceist. Bhí ról ag an Oifig um Sholáthair Rialtais i 2014. Sin an próiseas úr maidir le seo. Ní raibh aon difríocht ar bith ann idir an próiseas i 2001 nuair a bhí Aerfort na Minne agus Aerfort na Gaillimhe clúdaithe sna tairiscintí agus ag achan am ina dhiaidh sin. Bhí scéal mór ann agus díopóireacht mhór againn. Chonaic mé na deacrachtaí a bhí ann. Amach anseo, fanfaidh mé i dteagmháil leis na geallsealbhóirí ar na hoileáin. Beidh jab mór ann. Fanfaidh mo chuid oifigigh i dteagmháil leis na geallsealbhóirí ar na hoileáin fosta.