Dáil debates

Thursday, 12 November 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Eitilte

9:40 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Ná bí buartha faoi sin, a Cheann Comhairle. Mar is eol don Teachta, rinne mo Roinn athbhreithniú a choimisiúnú anuraidh ar an tseirbhís aeir i gcomhréir leis an Rialachán AE ábhartha. Léirigh an t-athbhreithniú a rinne EY go raibh cás socheacnamaíoch ann don tseirbhís aeir. Léiríodh fosta go raibh sé riachtanach sábháiltí a bhaint amach i gcomhthéacs an mhéadaithe de 136% a bhí tagtha ar chostas na seirbhíse aeir le linn na tréimhse athbhreithnithe deich mbliana a bhí faoi chaibidil sa tuarascáil.

Bunaithe ar mholtaí an athbhreithnithe agus tar éis dul i ndáil chomhairle le pobal Oileáin Árann, cuireadh próiseas tairisceana ar bun chun conradh a aontú don tseirbhís aeir don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019. Is í an Oifig um Sholáthar Rialtais a bhí i mbun an phróisis tairisceana a reáchtáil thar ceann mo Roinne i gcomhréir leis an Rialachán AE. Ós rud é nach bhfuil sainmhíniú ná teorannú déanta ag an AE ar na cineálacha aerárthaí ar ar féidir bealaí faoi oibleagáid seirbhíse poiblí a thairiscint ina leith, ní fhéadfaí a leithéid a dhéanamh faoin bpróiseas tairisceana.

Ón uair gur bunaíodh an oibleagáid seirbhíse poiblí faoin Rialachán AE i 2001, bhí Aerfort na Gaillimhe agus Aerfort na Mine san áireamh i ngach aon phróiseas tairisceana don tseirbhís aeir. Ciallaíonn an cur chuige seo go bhfuil an próiseas iomaíoch is leithne ann chun an luach is fearr ar airgead a fháil don Státchiste.

Tar éis measúnú a bheith déanta ar na hiarratais faoin bpróiseas tairisceana, fógraíodh an tairgeoir roghnaithe don chonradh seirbhíse aeir ar an 26 Lúnasa faoi réir chomhlíonadh tréimhse sosa deonaí de 14 lá. Le linn an phróisis tairisceana, tháinig sé chun solais go raibh éiginnteacht ag baint le hAerfort na Gaillimhe a bheith ar fáil don tairgeoir roghnaithe don tréimhse iomlán ceithre bliana den chonradh a bhí beartaithe. Tar éis do mo Roinn soiléiriú a fháil maidir leis seo, tógadh an cinneadh go raibh údair oibiachtúla ann chun deireadh a chur leis an bpróiseas tairisceana. Cuireadh an cinneadh sin in iúl do na tairgeoirí agus chuaigh mo Roinn i mbun idirbheartaíochta leis an soláthróir reatha chun conradh eatramhach bliana a aontú go 30 Meán Fómhair 2016.

Le linn na tréimhse atá amach romhainn, beidh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, ag tabhairt faoi phróiseas tairisceana úr chun conradh ceithre bliana a aontú don tréimhse ó 1 Deireadh Fómhair 2016. Déanfar é seo i gcomhréir leis na riachtanais dhlíthiúla faoi na rialacha náisiúnta soláthair agus an Rialachán AE ábhartha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.