Dáil debates

Thursday, 30 April 2015

10:10 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

7. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le comóradh Éirí Amach 1916 sa Ghaeltacht; cad iad na háiteanna agus cén saghas comóraidh atá i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16819/15]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén dul chun cinn atá déanta maidir le comóradh Éirí Amach 1916 sa Ghaeltacht; cad iad na háiteanna agus cén saghas comóraidh atá i gceist; agus an ndéanfaidh an tAire ráiteas ina thaobh?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, lainseáladh an Clár Comórtha Céad Bliain d'Éire 2016 ar an 31 Márta. Tá an Ghaeilge fite fuaite tríd an chlár go léir, chomh maith le bheith mar snáithe faoi leith den chlár. Tá béim faoi leith sa snáithe Gaeilge, An Teanga Bheo, ar raon imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chuirfear i láthair trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht le linn 2016. Ós rud é go bhfuil sé ar cheann d’aidhmeanna an chláir Ghaeilge aird a tharraingt ar thábhacht agus ar luach na Gaeltachta mar áit a bhfuil an Ghaeilge ina teanga phobail bhríomhar i gcónaí, tá i gceist go mbeidh láithreacht chuí ag an Ghaeltacht sa chlár.

Is deis faoi leith é Éire 2016 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Ghaeilge, a hoidhreacht a thabhairt chun cuimhne agus an todhchaí atá aici a athshamhlú. Tá An Teanga Bheo curtha i dtoll a chéile i ndiaidh dul i ndáil-chomhairle leis na páirtithe leasmhara. Cuimsítear mór-imeachtaí, clár digitithe, léachtaí, díospóireachtaí agus seimineáir, imeachtaí ealaíon agus acmhainní foghlama ar-líne sa chlár. Is é an cuspóir ná an teanga a chur i láthair an phobail mar ghné bhríomhar dár bhféiniúlacht, dár sochaí, dár stair agus dár gcultúr.

Ina theannta sin, is é an aidhm atá leis an chlár ná feasacht an phobail maidir leis an Ghaeilge a spreagadh, chomh maith le rannpháirtíocht, díospóireacht, machnamh agus athshamhlú a chothú faoin ré atá caite, faoi staid reatha na teanga agus faoina bhfuil i ndán di. Cuirfear tuilleadh sonraí faoin chlár Gaeilge, atá á chur le chéile ag mo Roinn i gcomhar le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, ar www.ireland.ie de réir mar a fhorbraítear é.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil an teanga lárnach i gcomóradh 2016, mar a bhí sí in Éirí Amach 1916? Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais, "Tír gan teanga, tír gan anam". Ar ndóigh, tá sé an-tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta go mbeidh siad in ann an tacaíocht sin a fháil ón Rialtas, agus mar a dúirt mé cheana, go mbeidh siad in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. An bhfuil polasaí dearfach ann mar gheall ar thacaíocht don Ghaeilge sa Ghaeltacht, a bheimis in ann úsáid sa chomóradh an bhliain seo chugainn? Tá €1 milliún tugtha do na comhairlí contae chun cuidiú le comóradh 1916 an bhliain seo chugainn. An úsáidfear cuid den airgead sin sa Ghaeltacht? An mbeidh aon phleananna eile ann chun an comóradh sin a chur ar siúl? Tá a fhios againn faoin €1 milliún ach níl a fhios againn cén sórt phlean atá ag an Rialtas ná ag an Aire.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfear a rá go bhfuil dualgas ar an Rialtas, ar na heagraíochtaí ar an talamh agus ar na comhairlí contae. D'ardaigh an Teachta ceist an €1 milliún a thugadh do na comhairlí contae ar fud na tíre. Tá mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Humphreys, freagrach as an airgead seo ach, mar is eol don Teachta, tá na comhairlí contae freagrach as ceantair Gaeltachta, i nGaillimh, i bPort Láirge nó i dTír Chonaill. Níl an t-airgead ar fáil ó na ceantair lasmuigh den Ghaeltacht. Tá deiseanna ann agus tá dualgais ann ar eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge, Muintearas, Gael Linn, agus ar bhunscoileanna agus mheánscoileanna. Tá clár mór ann. Táim iontach dóchasach go mbeidh scéal dearfach ann an bhliain seo chugainn mar tá athbheochan ar siúl. Mar a luaigh an Teachta, tá an Ghaeilge lárnach i gcomóradh 2016, mar is ceart, agus is é sin an rud is tábhachtaí.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Aire faoin méid sin, ach tá a lán daoine sa Ghaeltacht nach bhfuil sásta maidir le scéimeanna a bhí ann. Bhí daoine ag labhairt, mar shampla, ag Ard-Fheis Fhianna Fáil ag an deireadh seachtaine, faoi chiorruithe i scéimeanna tithíochta agus scéimeanna bóithre. B'fhéidir go mba cheart leis an Aire Stáit smaoineamh ar sin nuair atá sé ag caint faoin mbliain seo chugainn. Rud amháin a bhí lárnach, ná scoláireachtaí an Phiarsaigh.

Bhí na scoláireachtaí ann chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí ag foghlaim na Gaeilge. Ba mhaith liom go mbeadh an tAire Stáit in ann na scoláireachtaí sin, atá curtha ar ceal, a thabhairt ar ais. Labhair an tAire Stáit mar gheall ar seimineár atá an-tábhachtach. Bhí scoláireachtaí an Phiarsaigh an-tábhachtach freisin mar cúnamh agus mar thacaíocht do scoláirí. Bhí baint ag ceannairí Éirí Amach na bliana 1916 - mar shampla, Pádraig Mac Piarais, Éamon de Valera, Tomás Mac Donnchadha agus Ruairí Mac Easmainn - leis an nGaeltacht. Ba cheart go mbeadh caint mar gheall orthu nuair atá an comóradh ar siúl.

10:20 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor chuala mé achan rud a bhí le rá ag Ard-Fheis Fhianna Fáil.

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mór an trua é sin.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a bhí an tAire Airgeadais ag caint faoi ráiteas an earraigh cúpla lá ó shin, labhair sé faoin méid a bhí le rá ag Charlie McCreevy nuair a dúirt sé go gcaithfeadh sé an t-airgead dá mbeadh sé aige.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sa Ghaeltacht.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cinnte. Bhí na scéimeanna bóithre iontach tábhachtach i mo chontae féin agus i gContae na Gaillimhe. Is é sin an rud is mó. Stopadh an scéim sin. Ní mé freagrach as na bóithre Gaeltachta. Is é an rud is tábhachtaí an bhliain seo chugainn ná an teanga a choinneáil beo. Tá athbheochan ar siúl taobh amuigh den Ghaeltacht agus go háirithe sna ceantracha Gaeltachta. Chonaic mé an spiorad atá sna ceantracha Gaeltachta le mo dhá shúil anuraidh nuair a fuair mé an post seo don chéad uair. Tá scéal dearfach ar siúl. Beidh uimhreacha na mic léinn agus na déagóirí a fhreastalaíonn ar na coláistí Gaeilge ag méadú i mbliana. Tá mé dóchasach go mbeidh scéal mór dearfach i gceist an bhliain seo chugainn nuair a bheidh comóradh 2016 ar siúl. Má tá smaointí ag na Teachtaí ar an taobh eile den Teach, tá mise agus mo chomhghleacaithe anseo chun iad a chloisteáil. Tá sé tábhachtach go mbeimid ag obair le chéile. Má tá smaoineamh ag an Teachta Kitt mar gheall ar Chontae na Gaillimhe-----

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Labhair mé mar gheall ar an smaoineamh atá agam i leith scoláireachtaí an Phiarsaigh.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go mbeidh seans agam suí síos leis an Teachta agus cabhair a thabhairt dó i dtaobh an ábhair sin.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat.