Dáil debates
Thursday, 30 April 2015
Other Questions
Comóradh 1916
10:10 am
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Aontaím leis an Aire faoin méid sin, ach tá a lán daoine sa Ghaeltacht nach bhfuil sásta maidir le scéimeanna a bhí ann. Bhí daoine ag labhairt, mar shampla, ag Ard-Fheis Fhianna Fáil ag an deireadh seachtaine, faoi chiorruithe i scéimeanna tithíochta agus scéimeanna bóithre. B'fhéidir go mba cheart leis an Aire Stáit smaoineamh ar sin nuair atá sé ag caint faoin mbliain seo chugainn. Rud amháin a bhí lárnach, ná scoláireachtaí an Phiarsaigh.
Bhí na scoláireachtaí ann chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí ag foghlaim na Gaeilge. Ba mhaith liom go mbeadh an tAire Stáit in ann na scoláireachtaí sin, atá curtha ar ceal, a thabhairt ar ais. Labhair an tAire Stáit mar gheall ar seimineár atá an-tábhachtach. Bhí scoláireachtaí an Phiarsaigh an-tábhachtach freisin mar cúnamh agus mar thacaíocht do scoláirí. Bhí baint ag ceannairí Éirí Amach na bliana 1916 - mar shampla, Pádraig Mac Piarais, Éamon de Valera, Tomás Mac Donnchadha agus Ruairí Mac Easmainn - leis an nGaeltacht. Ba cheart go mbeadh caint mar gheall orthu nuair atá an comóradh ar siúl.
No comments