Dáil debates

Thursday, 30 April 2015

10:10 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil an teanga lárnach i gcomóradh 2016, mar a bhí sí in Éirí Amach 1916? Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais, "Tír gan teanga, tír gan anam". Ar ndóigh, tá sé an-tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta go mbeidh siad in ann an tacaíocht sin a fháil ón Rialtas, agus mar a dúirt mé cheana, go mbeidh siad in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. An bhfuil polasaí dearfach ann mar gheall ar thacaíocht don Ghaeilge sa Ghaeltacht, a bheimis in ann úsáid sa chomóradh an bhliain seo chugainn? Tá €1 milliún tugtha do na comhairlí contae chun cuidiú le comóradh 1916 an bhliain seo chugainn. An úsáidfear cuid den airgead sin sa Ghaeltacht? An mbeidh aon phleananna eile ann chun an comóradh sin a chur ar siúl? Tá a fhios againn faoin €1 milliún ach níl a fhios againn cén sórt phlean atá ag an Rialtas ná ag an Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.