Dáil debates

Wednesday, 22 October 2014

10:10 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

7. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nach bhfuil dóthain airgid ann le haghaidh na n-irisí Gaeilge éagsúla agus cén fáth go bhfuil deireadh leis an maoiniú do roinnt mhaith eagraíochtaí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40153/14]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist agam faoi airgead do na hirisí Gaeilge éagsúla agus cén fáth go bhfuil deireadh leis an maoiniú do roinnt mhaith eagraíochtaí Gaeilge. Mar gheall ar na hirisí, bhí naoi gcinn ann - agus bhí na hirisí sin an-mhaith - ach tá deireadh curtha leis an maoiniú seo i mbliana. Céard a dhéanfaidh an tAire faoin scéal seo?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann saincheisteanna maidir le hirisí Gaeilge le gnóthaí oibríochtúla Fhoras na Gaeilge agus níl ról sonrach agam féin mar Aire ina leith.

É sin ráite, tuigim go mbíodh Foras na Gaeilge ag cur maoiniú ar fáil do roinnt irisí Gaeilge i bhfoirm chlóite nó ar líne, ina measc An Sagart, An Timire, An tUltach, Beo.ie, Comhar, Feasta, Gaelport, NÓSmag agus SAOL. Mar thoradh ar chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, chuir Foras na Gaeilge socruithe nua maoinithe i bhfeidhm do na heagraíochtaí ceannais ón 1 Iúil 2014 agus tháinig deireadh dá réir leis an maoiniú do na hirisí a bhí ceangailte leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe.

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil sé mar aidhm aige pobal léitheoireachta na Gaeilge a spreagadh agus an iriseoireacht Ghaeilge a chothú tuilleadh trí dhíriú ar ábhar léitheoireachta a chur ar fáil saor in aisce ar líne. Mar shampla, tá nuachtán seachtainiúil ar líne á fhoilsiú ag Tuairisc.iefaoi chonradh ceithre bliana ó Mheán Fómhair 2014; iris stíl mhaireachtála á sholáthar ag NÓSmaggo míosúil; agus iarratais faoi scéim le haghaidh foilseachán liteartha/cúrsaí reatha á measúnú faoi láthair.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Aire Stáit. Bhí maoiniú ó Fhoras na Gaeilge á chur ar fáil do na foilsiúcháin Ghaeilge. Tá an tAire tar éis naoi gcinn a luaigh. Is í an cheist atá agamsa ná más rud é gur chuireadh deireadh leis an maoiniú i mbliana, an bhfuil na foilsiúcháin go léir ar líne anois, nó an mbeidh siad ar líne, agus cén plean atá ag Foras na Gaeilge chun iriseoireacht Ghaeilge a chothú? Céard a tharla don phlean chun nuachtán seachtainiúil ar líne a chur ar fáil? Bhí sé sin geallta ag an Aire agus ag an Roinn. An mbeidh níos mó ná nuachtán amháin ar fáil? Mar a dúirt mé ar maidin, is é Seachtain an t-aon iris atá feicthe agamsa. Tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge scéim le haghaidh iris stíl marachtáil ar líne a chur ar fáil agus tá siad ag iarraidh foilsiúcháin litrithe agus cúrsaí reatha freisin. Is í an phríomhcheist ná an mbeidh na hirisí seo go léir ar líne as seo amach.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí 19 eagraíocht ag fáil bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ní raibh an córás sin inmharthana a thuilleadh. Cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas socraithe nua maoinithe. Faoi na socraithe nua seo, tá sé eagraíocht ceannas á maoiniú chun an Tosaíochta Straitéiseacha i réimse ar leith a sheachadadh ar bhun uile-oileáin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil don Teachta as ucht an cheist mar tá díospóireacht ar siúl anois agus bhí díospóireacht ar siúl ag tús an tsamhraidh faoin scéal faoin idirlín agus faoi na hirisí. Chas mé leis na daoine atá freagrach as an iris An tUltachi rith an tsamhraidh agus fuair mé eolas mór faoi stair na hirise agus an eagraíocht eile. Beidh mé i dteangmháil le Foras na Gaeilge faoin ábhar seo mar tá díospóireacht mhór idir, mar shampla, léitheoirí an nuachtáin The Irish Timesnó The Irish IndependentThe Examineri gcoinne an idirlín. Tá The Irish Timesagus ar uile anseo anois ach tá díospóireacht ar siúl. Ba mhaith liom fanacht i dteagmháil leis an Teachta faoin ábhar seo agus beidh mé i dteangmháil le Foras na Gaeilge freisin.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom tréaslú leis The Irish Timesagus The Examiner freisin chomh maith leis an Irish Independent. Is í an cheist a bhí agamsa ná an scéal faoi láthair. Tá ísliú ar an méid eagraíocht atá ann agus tá mé ag cur ceist faoi na heagraíochtaí Gaeilge. Bhí laghdú ar an méid eagraíocht a fhaigheann airgead ó Fhoras na Gaeilge agus tá ísliú 4% ar an maoiniú sin. Tá 75% den mhaoiniú ó Roinn an Aire agus is dócha 25% ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. An mbeidh maoiniú breise ar fáil d'Fhoras le haghaidh na heagraíochtaí Gaeilge mar tá sé soiléir go bhfuil an Chomhairle Ealaíon, mar shampla, ag fáil níos mó airgid - tá méadú ar an mbuiséad ansin i gcomparáid le Foras na Gaeilge? Caithfimid an teanga agus an Ghaeltacht a neartú chomh maith agus is féidir linn. Déanann na heagraíochtaí seo an-obair chun é sin a dhéanamh, agus ba mhaith liom freagra a fháil ar an gceist sin.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis na hirisí, is é an t-eolas a bhí agamsa ná go raibh éileamh ann ach nuair a chas mé leis na daoine atá freagrach ag An tUltach, scéal difriúil a bhí acu dom. Dúirt siad liomsa i lár an tsamhraidh nach bhfuil mórán éilimh ann. Mar a dúirt mé ag an tús, tá stair fada ag baint le gach ceann de na 19 eagraíocht atá ag fáil maoiniú. Ba mhaith liom a rá arís go mbeidh mé i dteagmháil le Foras na Gaeilge. Tá fhios agam go bhfuil An tUltach, mar shampla, ag lorg €8,000 sa bhliain. Is airgead mór é €8,000 ach sin an méid atá á lorg ag an dream seo don iris. Arís, beidh mé i dteagmháil le Foras na Gaeilge agus leis an Teachta fosta.