Dáil debates
Wednesday, 22 October 2014
Other Questions
Foras na Gaeilge
10:10 am
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Bhí 19 eagraíocht ag fáil bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ní raibh an córás sin inmharthana a thuilleadh. Cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas socraithe nua maoinithe. Faoi na socraithe nua seo, tá sé eagraíocht ceannas á maoiniú chun an Tosaíochta Straitéiseacha i réimse ar leith a sheachadadh ar bhun uile-oileáin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil don Teachta as ucht an cheist mar tá díospóireacht ar siúl anois agus bhí díospóireacht ar siúl ag tús an tsamhraidh faoin scéal faoin idirlín agus faoi na hirisí. Chas mé leis na daoine atá freagrach as an iris An tUltachi rith an tsamhraidh agus fuair mé eolas mór faoi stair na hirise agus an eagraíocht eile. Beidh mé i dteangmháil le Foras na Gaeilge faoin ábhar seo mar tá díospóireacht mhór idir, mar shampla, léitheoirí an nuachtáin The Irish Timesnó The Irish Independentnó The Examineri gcoinne an idirlín. Tá The Irish Timesagus ar uile anseo anois ach tá díospóireacht ar siúl. Ba mhaith liom fanacht i dteagmháil leis an Teachta faoin ábhar seo agus beidh mé i dteangmháil le Foras na Gaeilge freisin.
No comments