Dáil debates

Wednesday, 22 October 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Maoiniú d'Eagrais Gaeilge

9:50 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

4. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil iarratas aici ó Chonradh na Gaeilge mar gheall ar bhuiséad caipitil de €12 mhilliún a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus gan aon chiorrú a dhéanamh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge sa cháinaisnéis do 2015; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40303/14]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag caint anseo mar gheall ar chothrom na féinne don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcáinaisnéis 2015, go háirithe i gcás Údarás na Gaeltachta agus buiséad Fhoras na Gaeilge agus ar ndóigh iarratas ó Chonradh na Gaeilge mar gheall ar bhuiséad caipitil €12 mhilliún a chur ar fáil don údarás agus ar ndóigh gan aon chiorrú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Céard a dhéanfaidh an tAire Stáit faoin dá rud sin?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh soláthar caipitil de €5.687 milliún ar fáil ag Údarás na Gaeltachta ón Státchiste i 2015, mar aon le foinsí maoinithe an údaráis féin ó dhíol socmhainní agus infheistíochtaí. Idir airgead an Státchiste agus acmhainní an údaráis féin, tá mé cinnte go mbeidh an t-údarás ag leanúint air ag cruthú post nua sa Ghaeltacht agus ag cosaint na bpost atá ann faoi láthair.

Tuigim go maith go bhfuil togra straitéiseach ag Údarás na Gaeltachta lena mbuiséad caipitil a mhéadú thar thréimhse ama ón leibhéal reatha de €5.687 milliún go €12 milliún in aghaidh na bliana. Tuigim fosta go gcuirfeadh méadú mar sin ar chumas an údaráis 300 post breise a chruthú in aghaidh na bliana. Leanfaidh mé orm ag déanamh cás láidir chun tacú leis an éileamh sin sa tréimhse amach romhainn.

Is áisíneacht den Fhoras Teanga é Foras na Gaeilge agus is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn a bhuiséad. Tá sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais Thuaidh agus Theas go gcaithfidh na forais tras-Teorann go léir sábháiltí éifeachtúlachta de 4% ar a laghad in aghaidh na bliana a chur i bhfeidhm ar bhonn carnach thar an tréimhse 2014 go 2016. Toisc go ndearnadh laghdú 7% ar an soláthar don Fhoras Teanga sna Meastacháin i 2014, tá mé sásta a chur in iúl nach bhfuil ach laghdú 1% le cur i bhfeidhm ar allúntas an Státchiste don Fhoras Teanga in 2015. Ciallaíonn sé seo gurb é €13.444 milliúin an tsuim iomlán atá ar fáil don Fhoras Teanga ó mo Roinn faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas don Aire Stáit as ucht an freagra sin faoin laghdú 1% ar bhuiséad an Fhoras Teanga ach is í an cheist a bhí agamsa ná an iarratas ó Chonradh na Gaeilge mar gheall ar €12 mhilliún a chur ar fáil. Bhí ísliú ar an mbuiséad caipitil don údarás ó €22 mhilliún sa bhliain 2007 go €6 milliún i 2012. Sin laghdú 74%. An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go mbeidh sé deacair postanna nua a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh de bharr an laghdú sin? Faoi láthair tá 7,000 post lánaimseartha cruthaithe ag an údarás agus deir sé agus an conradh go gcaithfí buiséad an údaráis a mhéadú go €12 mhilliún chun 1,000 post nua a chruthú sna trí mbliana atá romhainn. An mbeidh an t-údarás in ann na postanna sin a chruthú gan an airgead a bheith ar fáil?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim cinnte go bhfuil an fhadhb seo ann. Thit buiséad Údaras na Gaeltachta ó €18 milliún i 2008 agus go €6 milliún anuraidh. Aontáim go bhfuil fadhb ann agus chonaic mé le mo shúile féin i rith an tsamhraidh an sárobair atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta. Tá ceangal mór idir Údarás na Gaeltachta agus na comhlachtaí i gceantair Gaeltachta, agus mar shampla ag tús na seachtaine bhí scéal ollmhór ann i nDún na nGall, i mo cheantar féin. Méadóidh Randox Teoranta a lucht oibre ó 70 oibrithe go 500 thar na blianta atá romhainn. Sin sampla den cheangal mór atá ann idir Údarás na Gaeltachta agus na comhlachtaí. Chuir mé cás láidir roimh an tAire Airgeadais, an Teachta Michael Noonan, agus roimh an tAire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Brendan Howlin, cúpla seachtain ó shin, roimh an mbuiséad agus táim ag déanamh mo dhícheall ó shin acmhainní breise a fháil faoin bpróiséas Meastúcháin amach anseo.

10:00 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist agamsa freisin maidir le Foras na Gaeilge. Tá fios ag an Aire go raibh laghdú ar am mbuiséad de chuid 21% idir 2011 agus 2013 agus meastar go mbeidh laghdú 41% ann agus 2015 orainn. Tá deireadh le maoiníu de roinnt mhaith eagraíochtaí Gaeilge agus deireadh le cuid mhaith nuachtáin Gaeilge. Beidh ceist agam faoi na nuachtáin agus faoi na hirisí níos déanaí. Tá fios ag an Aire, freisin, go bhfuil 100 aistritheoir ar phainéal na n-aistreoirí Gaeilge agus an cháilíocht atá acu á bhaint dóibh. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceart. Beidh orthu an scrúdú a dhéanamh arís. Níl aon méadú i mbuiséad an Fhorais ó bunaíodh é, fiú amháin i rith ama an Tíogair Cheiltigh, agus mar a bhfuil fios ag an Aire, níl ach nuachtán amháin, Seachtain san Irish Independent- fágtha anois. B'fhéidir go bhfuil pleananna eile ag an Aire chun é sin a réiteach.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an gceist faoi Údarás na Gaeltacht, bhí mé ag caint faoin obair a bheidh á dhéanamh agam as seo amach. Chuir mé cás láidir ós comhair an Aire Airgeadais, an Teachta Noonan agus an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Howlin ag lorg acmhainní breise. Maidir leis an Thuaidh-Theas agus an comhaontú le mo chomhghleacaithe sa Tuaisceart, bhí agus tá comhaontú ar siúl ar bhonn Thuaidh-Theas. Bhí laghdú 11% i mo bhuiséad ach bhí laghdú fosta ann sa Tuaisceart. Sin an comhaontú. Bhí taiscí eacnmaíochta ann idir thuaidh agus theas. Sin an comhaontú.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad é an laghdú sa Tuaisceart?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé thart ar 4% sa Tuaisceart.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé níos measa.