Dáil debates

Wednesday, 22 October 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Maoiniú d'Eagrais Gaeilge

9:50 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Beidh soláthar caipitil de €5.687 milliún ar fáil ag Údarás na Gaeltachta ón Státchiste i 2015, mar aon le foinsí maoinithe an údaráis féin ó dhíol socmhainní agus infheistíochtaí. Idir airgead an Státchiste agus acmhainní an údaráis féin, tá mé cinnte go mbeidh an t-údarás ag leanúint air ag cruthú post nua sa Ghaeltacht agus ag cosaint na bpost atá ann faoi láthair.

Tuigim go maith go bhfuil togra straitéiseach ag Údarás na Gaeltachta lena mbuiséad caipitil a mhéadú thar thréimhse ama ón leibhéal reatha de €5.687 milliún go €12 milliún in aghaidh na bliana. Tuigim fosta go gcuirfeadh méadú mar sin ar chumas an údaráis 300 post breise a chruthú in aghaidh na bliana. Leanfaidh mé orm ag déanamh cás láidir chun tacú leis an éileamh sin sa tréimhse amach romhainn.

Is áisíneacht den Fhoras Teanga é Foras na Gaeilge agus is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn a bhuiséad. Tá sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais Thuaidh agus Theas go gcaithfidh na forais tras-Teorann go léir sábháiltí éifeachtúlachta de 4% ar a laghad in aghaidh na bliana a chur i bhfeidhm ar bhonn carnach thar an tréimhse 2014 go 2016. Toisc go ndearnadh laghdú 7% ar an soláthar don Fhoras Teanga sna Meastacháin i 2014, tá mé sásta a chur in iúl nach bhfuil ach laghdú 1% le cur i bhfeidhm ar allúntas an Státchiste don Fhoras Teanga in 2015. Ciallaíonn sé seo gurb é €13.444 milliúin an tsuim iomlán atá ar fáil don Fhoras Teanga ó mo Roinn faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.