Dáil debates
Wednesday, 22 October 2014
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Maoiniú d'Eagrais Gaeilge
9:50 am
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Táim cinnte go bhfuil an fhadhb seo ann. Thit buiséad Údaras na Gaeltachta ó €18 milliún i 2008 agus go €6 milliún anuraidh. Aontáim go bhfuil fadhb ann agus chonaic mé le mo shúile féin i rith an tsamhraidh an sárobair atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta. Tá ceangal mór idir Údarás na Gaeltachta agus na comhlachtaí i gceantair Gaeltachta, agus mar shampla ag tús na seachtaine bhí scéal ollmhór ann i nDún na nGall, i mo cheantar féin. Méadóidh Randox Teoranta a lucht oibre ó 70 oibrithe go 500 thar na blianta atá romhainn. Sin sampla den cheangal mór atá ann idir Údarás na Gaeltachta agus na comhlachtaí. Chuir mé cás láidir roimh an tAire Airgeadais, an Teachta Michael Noonan, agus roimh an tAire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Brendan Howlin, cúpla seachtain ó shin, roimh an mbuiséad agus táim ag déanamh mo dhícheall ó shin acmhainní breise a fháil faoin bpróiséas Meastúcháin amach anseo.
No comments