Dáil debates

Wednesday, 18 September 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scéimeanna Forbartha Pobail

3:20 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

6. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an raibh aon phlé aige leis an Roinn Comhshaoil i dtaobh an tionchar a bheidh ag na hathruithe ar an tslí ina mbeidh na scéimeanna forbartha pobail, ar nós LEADER, á riaradh, ar phobail Ghaeltachta, ar fhorbairt pobail sa Ghaeltacht, agus ar phleanáil teanga sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38493/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'írím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 375 ar 18 lúil 2013 inar thug mé le fios go dtagann Leader faoi réimse na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus go raibh an t-ábhar a bhí luaite sa Cheist á phlé idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh na Roinne sin. Leanann an scéal amhlaidh.

Ina theannta sin, tá oifigigh mo Roinne agus oifigigh Údarás na Gaeltachta ag déanamh cíoradh ar na riachtanais agus ar na deiseanna maoinithe d'fhorbairt na Gaeltachta le linn na chéad tréimhse eile pleanála a bheidh le haontú mar chuid de phlean infheistíochta an Rialtais agus an Aontais Eorpaigh ag an am cuí.

Sa chomhthéacs sin, tá plé leanúnach ar siúl faoi na riachtanais forbartha agus infheistíochta a bhaineann le clár forbartha Gaeltachta a chuimseoidh cur chuige comhtháite sna réimsí forbartha geilleagair, pobail agus pleanála teanga. Ní miste dom a rá go dtugann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus forálacha Acht na Gaeltachta 2012 comhthéacs do na dúshláin a mbeimid ag dul i ngleic leo le linn na tréimhse sin. Is féidir glacadh leis go ndéanfar gach iarracht cur chuige éifeachtach a aontú chun an oiread infheistíochta agus is féidir a chur i dtreo comhlíonadh na riachtanas sin.

3:25 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé go bhfáiltím roimh an bhfreagra, ní léiríonn sé go bhfuil an tAire Stáit ag buachaint sna comhráití leis na hAirí eile agus é ag rá gur cheart an Ghaeltacht a mheas mar chás eisceachtúil agus go mbaineann tábhacht as an ngnáth leis na grúpaí agus na scéimeanna forbartha pobail sa Ghaeltacht toisc go bhfuil siad ceangailte leis an straitéis 20 bliain agus le forbairt agus tarrtháil teanga agus Gaeltachta. An féidir leis an Aire Stáit a rá go bhfuil ag éirí leis na comhráití go dtí seo? An bhfuil comhráití ag dul ar aghaidh idir an Roinn, na ceardchumainn agus na grúpaí pobail? An bhfuil sé leagtha amach go ndéanfar infheistíocht chuí sna scéimeanna pobail atá ar siúl faoi láthair agus na scéimeanna a bheidh riachtanach amach anseo?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé cinnte go n-aontaíonn na Teachtaí ar fad go bhfaigheann an Ghaeltacht agus na hoileáin buntáistí móra ón scéim a bhí ann go dtí seo, agus a mhairfidh go dtí deireadh na bliana. Bhain an Ghaeltacht agus na hoileáin go leor tairbhe as an infheistíocht atá déanta faoin scéim go dtí seo. Mar a dúirt mé, tá na cainteanna idir mo Roinn agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, maidir leis an gcur chuige a bheidh ann i ndáileadh na scéime ó 2014 go dtí 2020, ag dul ar aghaidh go leanúnach agus go rialta. Creidim go láidir is go daingean gurbh fhearr i bhfad go mbeadh socrú ann a thabharfadh aitheantas don Ghaeltacht mar limistéir amháin pleanála agus forbartha. Ar ndóigh, is é sin an cuspóir atá ag oifigigh mo Roinne sna comhráití atá ag dul ar aghaidh. Mar shampla, bhí dlúthbhaint ag Údarás na Gaeltachta leis an gcomhlacht - Meitheal Forbartha na Gaeltachta - a bhí ag dáileadh na scéime sa Ghaeltacht go dtí anuraidh nó arú anuraidh. Bhí siad ar an gcoiste gnó. Mar a dúirt mé, tá freagrachtaí ar an údarás de bharr Acht na Gaeltachta. Ar ndóigh, ba mhaith liom go mbeadh ról ag an údarás i ndáileadh na scéime a thiocfaidh chun cinn san am amach romhainn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios againn gur theip ar Meitheal Forbartha na Gaeltachta, a luaigh an tAire Stáit, ach an bhfuil aon phlean ann chun a leithéid a chur sa tsiúl arís amach anseo?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir leis an Teachta glacadh leis go leanfaidh oifigigh mo Roinne agus oifigigh an údaráis ag plé an ábhar seo le oifigigh na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, agus iad ag súil gur féidir a dhéanamh cinnte de go mbeidh ról lárnach agus aitheanta tugtha don údarás agus do mo Roinn nuair atá comhdhéanamh na gcoistí a réiteach. Mar a dúirt mé, is é an dearcadh atá agam ná go mbaineann cúinsí speisialta leis na ceantair Gaeltachta. Aontaíonn an tAire go bhfuil sé loighciúil agus praiticiúil aitheantas a thabhairt do na cúinsí speisialta sin sna comhlachtaí úra a bheidh ag dáileadh na scéime sa tréimhse amach romhainn.