Dáil debates

Wednesday, 18 September 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scéimeanna Forbartha Pobail

3:25 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá mé cinnte go n-aontaíonn na Teachtaí ar fad go bhfaigheann an Ghaeltacht agus na hoileáin buntáistí móra ón scéim a bhí ann go dtí seo, agus a mhairfidh go dtí deireadh na bliana. Bhain an Ghaeltacht agus na hoileáin go leor tairbhe as an infheistíocht atá déanta faoin scéim go dtí seo. Mar a dúirt mé, tá na cainteanna idir mo Roinn agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, maidir leis an gcur chuige a bheidh ann i ndáileadh na scéime ó 2014 go dtí 2020, ag dul ar aghaidh go leanúnach agus go rialta. Creidim go láidir is go daingean gurbh fhearr i bhfad go mbeadh socrú ann a thabharfadh aitheantas don Ghaeltacht mar limistéir amháin pleanála agus forbartha. Ar ndóigh, is é sin an cuspóir atá ag oifigigh mo Roinne sna comhráití atá ag dul ar aghaidh. Mar shampla, bhí dlúthbhaint ag Údarás na Gaeltachta leis an gcomhlacht - Meitheal Forbartha na Gaeltachta - a bhí ag dáileadh na scéime sa Ghaeltacht go dtí anuraidh nó arú anuraidh. Bhí siad ar an gcoiste gnó. Mar a dúirt mé, tá freagrachtaí ar an údarás de bharr Acht na Gaeltachta. Ar ndóigh, ba mhaith liom go mbeadh ról ag an údarás i ndáileadh na scéime a thiocfaidh chun cinn san am amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.