Dáil debates

Wednesday, 18 September 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scéimeanna Forbartha Pobail

3:20 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

D'írím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 375 ar 18 lúil 2013 inar thug mé le fios go dtagann Leader faoi réimse na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus go raibh an t-ábhar a bhí luaite sa Cheist á phlé idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh na Roinne sin. Leanann an scéal amhlaidh.

Ina theannta sin, tá oifigigh mo Roinne agus oifigigh Údarás na Gaeltachta ag déanamh cíoradh ar na riachtanais agus ar na deiseanna maoinithe d'fhorbairt na Gaeltachta le linn na chéad tréimhse eile pleanála a bheidh le haontú mar chuid de phlean infheistíochta an Rialtais agus an Aontais Eorpaigh ag an am cuí.

Sa chomhthéacs sin, tá plé leanúnach ar siúl faoi na riachtanais forbartha agus infheistíochta a bhaineann le clár forbartha Gaeltachta a chuimseoidh cur chuige comhtháite sna réimsí forbartha geilleagair, pobail agus pleanála teanga. Ní miste dom a rá go dtugann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus forálacha Acht na Gaeltachta 2012 comhthéacs do na dúshláin a mbeimid ag dul i ngleic leo le linn na tréimhse sin. Is féidir glacadh leis go ndéanfar gach iarracht cur chuige éifeachtach a aontú chun an oiread infheistíochta agus is féidir a chur i dtreo comhlíonadh na riachtanas sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.