Dáil debates

Thursday, 25 April 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Líomhaintí Drochúsáide

3:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

2. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht maidir le líomhaintí atá déanta le déanaí i gcoinne duine (sonraí tugtha), an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le cén déileáil a bhí ag a Roinn, nó ag a réamhtheachtaí, leis an duine sin, an míneoidh sé cén saghas déileála a bhí ann, an raibh aon teagmháil ag an duine le daoine óga uair ar bith le linn na déileála seo, an raibh aon eolas ag an Roinn nó ag a cuid oifigeach faoi aon líomhain i gcoinne an duine agus má bhí, cén gníomh a tógadh mar thoradh air sin agus an bhfuil an Roinn tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar a cuid polasaithe um chosaint leanaí de bharr na líomhaintí seo. [19566/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom a rá ag an tús go bhfuil mé iontach buartha faoi na scéalta ar fad atá tagtha chun cinn sna meáin maidir leis na líomhaintí atá luaite ag an Teachta. Is cinnte go ngoilleann na líomhaintí seo faoi mhí-úsáid ar pháistí san am atá caite ar gach duine. Tá mé cinnte go dtuigfidh an Teachta go bhfuil teorainn leis an méid gur féidir liom a rá ag an bpointe seo. Ní mór dúinn, ar ndóigh, a bheith airdeallach ach go háirithe ar chás na ndaoine sin a tháinig amach go poiblí faoi na cúrsaí seo le roinnt seachtainí anuas. Is féidir liom a rá go léiríonn na taifid atá ar fáil i mo Roinnse gur tugadh líomhaintí faoin duine atá luaite ag an Teachta chun aird an Ard-Rúnaí sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, mar a bhí, i mí Feabhra 1998. Ghlac an tArd-Rúnaí céimeanna gan mhoill chun comhairle a glacadh leis an Roinn Sláinte agus Leanaí agus chun a chinntiú go gcuirfí an cheist i lámha an Gharda Síochána. Mar is eol don Teachta, ar ndóigh, thug na Gardaí ina dhiaidh sin faoi na líomhaintí a fhiosrú.

Bhí an té a bhí luaite sna líomhaintí bainteach thar blianta fada le heagraíochtaí Gaeilge éagsúla a raibh baint acu le himeachtaí teanga-lárnaithe, cúrsaí samhraidh agus clubanna óige ina measc. Nuair a cuireadh ar an eolas é faoi na líomhaintí, d'iarr agus fuair an tArd-Rúnaí ag an am deimhnithe nach raibh an duine a bhí i gceist ag plé a thuilleadh le coláistí Gaeilge ná le foghlaimeoirí Gaeilge laistigh de réimse feidhme na Roinne.

Is féidir liom a rá freisin, i bhfianaise na dtuairiscí sna meáin le déanaí, go bhfuil teagmháil déanta ag Ard-Rúnaí mo Roinne le stiúrthóir náisiúnta na seirbhísí do pháistí agus teaghlaigh i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, HSE, le gur féidir le haon duine gur mhaith leis nó léi teacht ar an tseirbhís chomhairleoireachta atá ar fáil ón HSE sin a dhéanamh.

Maidir leis na Coláistí Gaeilge féin, ba mhaith liom a rá go bhfuil gach iarracht á déanamh ag mo Roinnse lena chinntiú nach féidir lena leithéid tarlú anois. Mar shampla: bíonn ar ghach ball os cionn 16 bliain d'aois de na teaghlaigh lena mbíonn na foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas leo scagtha le láraonad grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána roimh ré;

Eolas breise nár tugadh ar urlár an Tí

bíonn na múinteoirí agus gach duine eile sna Coláistí a d'fhéadfadh bheith i dteagmháil le foghlaimeoirí scagtha mar an gcéanna i gcomhar le CONCOS - scátheagraíocht na gColáistí Samhraidh; agus bíonn ar údaráis gach coláistí polasaí scríofa a bheith acu faoi na nithe seo, mar aon le ráiteas sláinte agus sábháilteachta agus duine ainmnithe go hoifigiúil mar Oifigeach Sláinte agus Sábháilteachta.

Ní mór na forálacha cuí ó na treoirlínte Tús Áite do Leanaí, Children First, a bheith i bhfeidhm i ngníomhaíochtaí uile gach choláiste agus sna tithe lóistín sa Ghaeltacht. Ní miste a lua gur eagraigh CONCOS cúrsaí do na coláistí gaeilge le déanaí chun breis eolais a thabhairt dóibh faoi Tús Áite do Leanaí agus an fhreagracht atá ar na coláistí maidir le slánchoimeád páistí. Ar ndóigh, leanfaidh mo Roinnse ag tabhairt tacaíochta do ghníomhaíochtaí den chineál seo.

Maidir le nósanna imeachta mo Roinnse i ndáil le cosaint leanaí, is féidir liom a rá leis an Teachta go bhfuil oifigigh de chuid mo Roinne ag feidhmiú mar ionadaithe ar an ngrúpa idir-rannach ar Tús Áite do Leanaí agus bíonn teagmháil ar bhonn rialta idir iad féin agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir le ceisteanna a bhaineann le cosaint leanaí. Tá polasaí cosaint leanaí agus plean forfheidhmithe rannach ag mo Roinnse a bhfuil feidhm aige, de réir mar is cuí, ar fud ghníomhaíochtaí uile mo Roinne agus tá sé seo curtha ar fáil don fhoireann uile agus tá sé bunaithe ar Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, 2011. Leanfaidh coiste maoirseachta Tús Áite do Leanaí mo Roinnse ag déanamh monatóireachta agus athbhreithnithe air ar bhonn rialta.

4:05 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhreastal mé ar Choláiste na bhFiann mé féin nuair a bhí mé i mo mhac léinn sna 1980s agus 1990s. Bhain mé an-taitneamh as an am a chaith mé sa choláiste sin, d'fhoghlaim mé a lán agus ní fhaca mé ariamh aon droch cleachtadh ar siúl ann.

Chualamar go léir na liamhaintí uafásacha gránna faoi Domhnall Ó Lubhlaí agus chuir na liamhaintí sin déistin orainn go léir. Déanaim comhbhrón leis na híospartaigh go léir agus molaim a gcrógacht as teacht amach leis na líomhaintí seo. Tá athbhreithniú ag dul ar aghaidh leis An Garda Síochána, an HSE agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá a fhios againn go raibh caidreamh idir an fear seo agus Roinn na Gaeltachta. Mhaoinigh an Roinn Coláiste na bhFiann agus Gael Linn ar feadh blianta agus mar sin, osclaíonn sin a lán ceisteanna.

An bhfuil an tAire Stáit chun athbhreithniú no imscrúdú a chur ar bun sa Roinn maidir leis an caidreamh a bhí an fear sin agus an Roinn ag an am? Chualamar gur shocraigh Gael Linn cás a bhain leis an fear sin taobh amuigh den chúirt. Ar úsáideadh airgead na Roinne chun airgead a thabhairt don íospartach sin ag an am? Is ceist iontach thábhachtach í sin. Tuairiscítear freisin go ndúirt an Teachta Éamon Ó Cuív, iar Aire Roinn na Gaeltachta, go bhfuair sé faisnéis faoi chás mí-úsáide agus gur thug sé an faisnéis sin do rúnaí sa Roinn. An bhfuil aon taifead den fhaisnéis sin sa Roinn?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an taifead atá sa Roinn ná an méid a cuireadh in iúl don iar rúnaí i 1998. Mar a dúirt mé, chuaigh an t-iar rúnaí chuig an tseirbhís leanaí, An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige mar atá anois, agus ó sin chuig na gardaí leis na liamhaintí sin a leanúint ar aghaidh. Maidir le íocaíocht, ardaíodh an cheist sin sna meáin. Ba mhaith liom a rá go soiléir nár íoc mo Roinn aon chúiteamh le haon duine a d'fhulaing mí-úsáid i gcoláiste Gaeilge agus níor íocadh aon chúnamh thar ceann na Roinne le aon eagraíocht eile ar chúis den chineál seo.

Maidir le nósanna imeachta mo Roinne i ndáil le cosaint leanaí, is féidir liom a rá go bhfuil oifigigh de chuid mo Roinne ag feidhmiú mar ionadaithe ar an ngrúpa idir-rannach ar Tús Áite do Leanaí agus bíonn teagmháil ar bhonn rialta idir iad féin agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir le ceisteanna a bhaineann le cosaint leanaí. Tá polasaí cosaint leanaí agus plean forfheidhmithe rannach ag mo Roinnse a bhfuil feidhm aige, de réir mar is cuí, ar fud ghníomhaíochtaí uile mo Roinne agus tá sé seo curtha ar fáil don fhoireann uile.

Tá an-obair á déanamh freisin ag CONCOS, eagras na gcoláistí samhraidh, ag cur cúrsaí ar fáil dos na daoine a bhíonn baint acu le daoine óga. Coicís ó shin, bhí mé i gConamara agus d'fhéach mé isteach ar cheann acu.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an tAire Stáit sásta nár íoc aon eagraíocht cosúil le Gael Linn nó Coláiste na bhFiann aon airgead a fuair siad ón Roinn do íospáirtigh? An bhfuil sé lán-sásta gur chomhlíon an Roinn na treoracha maidir le cúram páistí ag an am? An ndeachaigh na gardaí i dteagmháil leis an Roinn ar chor ar bith chun cás ar bith a fhiosrú, seachas an ceann i 1998? An bhfuil an tAire Stáit chun athbhreithniú nó imscrúdú a dhéanamh sa Roinn faoi seo?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Arís, ba mhaith liom a rá nár íoc an Roinn aon chúiteamh le haon eagraíocht nó níor íoc aon eagraíocht aon chúiteamh thar cheann na Roinne do na híospartaigh atá i gceist ag an Teachta. Nílim ag séanadh freagrachta ar aon bhealach. Tá na liamhaintí atá déanta ag trácht ar rud a tharla tamall fada ó shin, agus mar a dúirt mé, nuair a chuireadh é seo in iúl don rúnaí a bhí ann, chuaigh sé chuig an Roinn ar a raibh an fhreagracht, chuig an bord sláinte agus chuig na gardaí.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh athbhreithniú á dhéanamh ar seo sa Roinn?