Dáil debates

Thursday, 25 April 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Líomhaintí Drochúsáide

3:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom a rá ag an tús go bhfuil mé iontach buartha faoi na scéalta ar fad atá tagtha chun cinn sna meáin maidir leis na líomhaintí atá luaite ag an Teachta. Is cinnte go ngoilleann na líomhaintí seo faoi mhí-úsáid ar pháistí san am atá caite ar gach duine. Tá mé cinnte go dtuigfidh an Teachta go bhfuil teorainn leis an méid gur féidir liom a rá ag an bpointe seo. Ní mór dúinn, ar ndóigh, a bheith airdeallach ach go háirithe ar chás na ndaoine sin a tháinig amach go poiblí faoi na cúrsaí seo le roinnt seachtainí anuas. Is féidir liom a rá go léiríonn na taifid atá ar fáil i mo Roinnse gur tugadh líomhaintí faoin duine atá luaite ag an Teachta chun aird an Ard-Rúnaí sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, mar a bhí, i mí Feabhra 1998. Ghlac an tArd-Rúnaí céimeanna gan mhoill chun comhairle a glacadh leis an Roinn Sláinte agus Leanaí agus chun a chinntiú go gcuirfí an cheist i lámha an Gharda Síochána. Mar is eol don Teachta, ar ndóigh, thug na Gardaí ina dhiaidh sin faoi na líomhaintí a fhiosrú.

Bhí an té a bhí luaite sna líomhaintí bainteach thar blianta fada le heagraíochtaí Gaeilge éagsúla a raibh baint acu le himeachtaí teanga-lárnaithe, cúrsaí samhraidh agus clubanna óige ina measc. Nuair a cuireadh ar an eolas é faoi na líomhaintí, d'iarr agus fuair an tArd-Rúnaí ag an am deimhnithe nach raibh an duine a bhí i gceist ag plé a thuilleadh le coláistí Gaeilge ná le foghlaimeoirí Gaeilge laistigh de réimse feidhme na Roinne.

Is féidir liom a rá freisin, i bhfianaise na dtuairiscí sna meáin le déanaí, go bhfuil teagmháil déanta ag Ard-Rúnaí mo Roinne le stiúrthóir náisiúnta na seirbhísí do pháistí agus teaghlaigh i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, HSE, le gur féidir le haon duine gur mhaith leis nó léi teacht ar an tseirbhís chomhairleoireachta atá ar fáil ón HSE sin a dhéanamh.

Maidir leis na Coláistí Gaeilge féin, ba mhaith liom a rá go bhfuil gach iarracht á déanamh ag mo Roinnse lena chinntiú nach féidir lena leithéid tarlú anois. Mar shampla: bíonn ar ghach ball os cionn 16 bliain d'aois de na teaghlaigh lena mbíonn na foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas leo scagtha le láraonad grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána roimh ré;

Eolas breise nár tugadh ar urlár an Tí

bíonn na múinteoirí agus gach duine eile sna Coláistí a d'fhéadfadh bheith i dteagmháil le foghlaimeoirí scagtha mar an gcéanna i gcomhar le CONCOS - scátheagraíocht na gColáistí Samhraidh; agus bíonn ar údaráis gach coláistí polasaí scríofa a bheith acu faoi na nithe seo, mar aon le ráiteas sláinte agus sábháilteachta agus duine ainmnithe go hoifigiúil mar Oifigeach Sláinte agus Sábháilteachta.

Ní mór na forálacha cuí ó na treoirlínte Tús Áite do Leanaí, Children First, a bheith i bhfeidhm i ngníomhaíochtaí uile gach choláiste agus sna tithe lóistín sa Ghaeltacht. Ní miste a lua gur eagraigh CONCOS cúrsaí do na coláistí gaeilge le déanaí chun breis eolais a thabhairt dóibh faoi Tús Áite do Leanaí agus an fhreagracht atá ar na coláistí maidir le slánchoimeád páistí. Ar ndóigh, leanfaidh mo Roinnse ag tabhairt tacaíochta do ghníomhaíochtaí den chineál seo.

Maidir le nósanna imeachta mo Roinnse i ndáil le cosaint leanaí, is féidir liom a rá leis an Teachta go bhfuil oifigigh de chuid mo Roinne ag feidhmiú mar ionadaithe ar an ngrúpa idir-rannach ar Tús Áite do Leanaí agus bíonn teagmháil ar bhonn rialta idir iad féin agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir le ceisteanna a bhaineann le cosaint leanaí. Tá polasaí cosaint leanaí agus plean forfheidhmithe rannach ag mo Roinnse a bhfuil feidhm aige, de réir mar is cuí, ar fud ghníomhaíochtaí uile mo Roinne agus tá sé seo curtha ar fáil don fhoireann uile agus tá sé bunaithe ar Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, 2011. Leanfaidh coiste maoirseachta Tús Áite do Leanaí mo Roinnse ag déanamh monatóireachta agus athbhreithnithe air ar bhonn rialta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.