Dáil debates
Thursday, 25 April 2013
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Líomhaintí Drochúsáide
3:55 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
2. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht maidir le líomhaintí atá déanta le déanaí i gcoinne duine (sonraí tugtha), an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le cén déileáil a bhí ag a Roinn, nó ag a réamhtheachtaí, leis an duine sin, an míneoidh sé cén saghas déileála a bhí ann, an raibh aon teagmháil ag an duine le daoine óga uair ar bith le linn na déileála seo, an raibh aon eolas ag an Roinn nó ag a cuid oifigeach faoi aon líomhain i gcoinne an duine agus má bhí, cén gníomh a tógadh mar thoradh air sin agus an bhfuil an Roinn tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar a cuid polasaithe um chosaint leanaí de bharr na líomhaintí seo. [19566/13]
No comments