Dáil debates

Wednesday, 3 October 2012

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais

1:40 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nár fhoilsigh sé an leagan deireanach den Chaighdeán Oifigiúil a d'ullmhaigh coiste a chuir an Rialtas deiridh ar bun; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42242/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, foilsíodh an Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2012 an mhí seo caite. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an mBille sa Seanad Dé Céadaoin seo chugainn, 10 Deireadh Fómhair. Tugtar feidhm reachtúil faoin mBille do Choimisiún Thithe an Oireachtais d'aistriú Ionstraimí Reachtúla chomh maith le hAchtanna Oireachtais, agus d'fhoilsiú agus d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil.

Déantar foráil leis an mBille chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil uair amháin gach seacht mbliana ar a laghad. Ceanglaítear leis an mBille ar Choimisiún Thithe an Oireachtais dul i gcomhairle faoi athbhreithniú dá leithéid leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis an Aire Oideachais agus Scileanna, leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, le páirtithe eile a bhfuil spéis acu ann agus leis an bpobal i gcoitinne. Faoin mBille, is féidir le Coimisiún Thithe an Oireachtais saineolaithe seachtracha a cheapadh chun coiste le linn athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil.

I gcomhthéacs an Bhille, tá torthaí an athbhreithnithe ar an gCaighdeán Oifigiúil, a rinne Coiste Stiúrtha faoi choimirce mo Roinnse i 2010-2011, seolta chuig Tithe an Oireachtais ag mo Roinn, le breithniú go cuí i gcomhthéacs an chéad athbhreithnithe eile ar an gCaighdeán Oifigiúil. Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun mo bhuíochas a ghabháil le baill an Choiste Stiúrtha sin as ucht a ndúthracht.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh an chaighdeán oifigiúil. Ach, i litir a fuair mé ón Ollamh Dónal P. Ó Baoill, deir sé nach bhfuil trácht nó oiread is tagairt amháin féin do ghramadach na Gaeilge nó do chaighdeán oifigiúil do scríobh na Gaeilge. Chaith an coiste suas le cúig mhí déag, idir 2010 agus 2011, ag obair ar an gcaighdeán. Deir baill an choiste nach bhfuair siad aon tuairisc ón lá a chríochnaigh siad a gcuid oibre go dtí go bhfaca siad an leagan athbhreithnithe de chaighdeán oifigiúil na Gaeilge ag deireadh Mí Iúil.

Cén fáth nár foilsíodh torthaí na hoibre a rinne an coiste stiúrtha, mar a bhí beartaithe? An raibh difríocht idir moltaí an choiste agus an chaighdeán oifigiúil?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigtear dom go bhfuil leagan nua-shonraithe den chaighdeán oifigiúil foilsithe ag Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais. Mar atá ráite agam cheana féin, tá torthaí an athbhreithnithe ar an gcaighdeán oifigiúil a rinne an coiste stiúrtha faoi choimirce mo Roinne-se, ar thagair an Teachta dó, curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais le tógáil san áireamh ag an chéad athbhreithniú eile a bheifear á dhéanamh ar an gcaighdeán oifigiúil. Cé go bhfuil an caighdeán oifigiúil ansin ó 1958, is é seo an chéad athbhreithniú a foilsíodh ar an gcaighdeán oifigiúil ó shin i leith.

Dá bhrí sin, níl obair an choiste stiúrtha caillte. Beidh moltaí an choiste stiúrtha agus an obair a rinne sé i gcaitheamh an tréimhse sin le tógáil san áireamh sa chéad athbhreithniú eile ar an gcaighdeán oifigiúil. Níl sé caillte. Tá sé ansin.

Faoin mBille úr, beidh an reachtaireacht, na hionstraimintí, na hAchtanna agus an caighdeán oifigiúil faoi bhráid Rannóg an Aistriúcháin. Beidh sé go léir faoin díon amháin. Go dtí seo, bhíomar ag déileáil le dhá dhream a bhí ag baint le caighdeán. Thoiligh an Rialtas gur chóir go mbéadh sé seo faoi dhream amháin. Ach sin ráite, beidh an obair an-fhiúntach agus thábhachtach atá déanta againn agus an chéadh athbhreithniú eile ar an chaighdeán oifigiúil á dhéanamh taobh istigh de sheacht mbliana, de réir an Bhille a bhéas ag teacht isteach ins an tSeanad an tseachtain seo chugainn.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bhfuair mé freagra ar cén fáth nár foilsíodh obair an choiste. Mar a dúirt an t-Aire Stáit, ní bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an gcaighdeán go ceann seacht mbliana eile.

Tá a lán daoine buartha mar gheall ar an reachtaíocht seo, a bhéas á phlé sa tSeanad an tseachtain seo chugainn. Níor deineadh aon teagmháil nó comhairle leis an gcoiste ó Mí Iúil 2011. Cén fáth nach raibh teagmháil ann? Cén fáth nár foilsíodh tuairisc an choiste? An aontaíonn an t-Aire Stáit gur cheart an t-eolas seo a chur ar fáil don phobal?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an t-athbhreithniú á dhéanamh tar éis seacht mbliana, ar mhéid. Ní féidir leis a bheith níos faide. B'fhéidir go bhféadfaí é a dhéanamh taobh istigh de sin, i gceann dhá bhliain, trí bliana nó ceithre bliana. Ní féidir leis dul níos faide ná seacht mbliana. Sin an rud atá beartaithe ins an reachtaíocht a bhéas ag dul tríd an tSeanad agus an Dáil. Beidh athbhreithniú á dhéanamh gach seacht mbliana, ar a laghad.

Ní bheidh an t-eolas caillte. Tá an t-eolas seolta anois ó mo Roinn-se go dtí Rannóg an Aistriúcháin. Tá sé ansin agus beidh deis againn breathnú air agus é a úsáid ins an chéad athbhreithniú eile a bheifear á dhéanamh ar an gcaighdeán oifigiúil.

Ba mhaith liom buíochas, ar mo shon féin, ar son mo Roinne agus ar don phobal na Gaeilge, a ghabháil leis na saineolaithe a chuir a gcuid ama, a gcuid léinn agus a gcuid cáilíochtaí acadúla ar fáil fá choinne an corpus tábhachtach seo a chur ar fáil, nach bhfuil caillte agus a mbeimid ábalta úsáid a bhaint as ins na blianta amach romhainn in aon athbhreithniú a bheifear a dhéanamh.