Dáil debates
Wednesday, 3 October 2012
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais
1:40 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, foilsíodh an Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2012 an mhí seo caite. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an mBille sa Seanad Dé Céadaoin seo chugainn, 10 Deireadh Fómhair. Tugtar feidhm reachtúil faoin mBille do Choimisiún Thithe an Oireachtais d'aistriú Ionstraimí Reachtúla chomh maith le hAchtanna Oireachtais, agus d'fhoilsiú agus d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil.
Déantar foráil leis an mBille chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil uair amháin gach seacht mbliana ar a laghad. Ceanglaítear leis an mBille ar Choimisiún Thithe an Oireachtais dul i gcomhairle faoi athbhreithniú dá leithéid leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis an Aire Oideachais agus Scileanna, leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, le páirtithe eile a bhfuil spéis acu ann agus leis an bpobal i gcoitinne. Faoin mBille, is féidir le Coimisiún Thithe an Oireachtais saineolaithe seachtracha a cheapadh chun coiste le linn athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil.
I gcomhthéacs an Bhille, tá torthaí an athbhreithnithe ar an gCaighdeán Oifigiúil, a rinne Coiste Stiúrtha faoi choimirce mo Roinnse i 2010-2011, seolta chuig Tithe an Oireachtais ag mo Roinn, le breithniú go cuí i gcomhthéacs an chéad athbhreithnithe eile ar an gCaighdeán Oifigiúil. Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun mo bhuíochas a ghabháil le baill an Choiste Stiúrtha sin as ucht a ndúthracht.
No comments