Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

2:00 pm

Photo of Jonathan O'BrienJonathan O'Brien (Cork North Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 62: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé de sprioc aige Seachtain na Gaeilge a mhéadú go Mí na Gaeilge; cad atá eagraithe aige le haghaidh Sheachtain na Gaeilge taobh amuigh de Theach Laighean. [12565/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is féile idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge a reáchtáiltear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, anseo in Éirinn agus - tá áthas orm a rá - thar lear. Tá an fhéile, atá eagraithe ag Conradh an Gaeilge, ag ceiliúradh 110 bliain ar an bhfód i mbliana agus beidh na céadta imeachtaí á reáchtáil ar fud na cruinne ón 5–17 Márta 2012. Is cúis áthais dom gur sheol An Taoiseach, an Teachta Enda Kenny, Seachtain na Gaeilge i dTeach Laighean inniu, agus mar a dúirt mé, bheinn ansin ag an seoladh ach go dtáinig mé isteach anseo fá choinne freagra a thabhairt ar bhur gcuid ceisteanna. Tá tuilleadh eolais ar na himeachtaí go léir atá ar siúl le fáil ar shuíomh www.snag.ie.

Is léir go bhfuil fás agus forbairt tagtha ar Sheachtain na Gaeilge bliain i ndiaidh bliana. Go deimhin, is féile choicíse seachas féile sheachtaine a reáchtáiltear anois. Mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, bheinn sásta breathnú ar aon mholadh maidir le fad a chur le Seachtain na Gaeilge agus Mí na Gaeilge a dhéanamh de. Níl gach eolas agamsa agus nílim ag labhairt ex cathedra mar an phápa, ach tá mé sásta éisteacht le moltaí fiúntacha a thagann ó aon duine maidir le cur le nó feabhas a chur ar Seachtain na Gaeilge. Ach ar a laghad, tá sé ag dul ar aghaidh le 110 bliain. Is comhartha é sin gur fiú leanúint ar aghaidh leis.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ceapaim go bhfuil muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge tuirseach, traochta, caite amach, spíonta ó bheith ag tabhairt moltaí don Rialtas, ach nílim cinnte go bhfuil an Rialtas ag éisteacht. Tá formhór muintir na tíre seo an-báúil do agus an-dearfach faoin Ghaeilge. Mar shampla, tá 25% de thuistí na tíre ag éileamh gaelscolaíochta dá bpáistí, de réir taighde atá déanta ag Foras na Gaeilge. Fós, áfach, níl ach 5% ag fáil gaelscolaíochta. Caithfear seo a chur i gcodarsnacht le tíortha cosúil le tír na mBascach ina bhfuil 65% ag fáil scolaíochta lán-Bhascach, nó an Bhreatain Bheag, ina bhfuil níos mó ná 23% ag fáil scolaíochta lán-Bhreatnais. Tá Éire i bhfad taobh thiar tíortha eile maidir le rudaí a cruthú a shásaíonn an t-éileamh atá ann. I mo thuairim, is sórt bac é an Rialtas ar ghluaiseacht na Gaeilge.

Tá a lán oibre iontach mhaith déanta Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile maidir le Seachtain na Gaeilge agus is iontach an rud é go bhfuil coicís na Gaeilge ann. Ba mhaith liomsa dá dtabharfadh an Rialtas i bhfad níos mó cúnaimh don togra sin agus dá mbeadh sé sásta Mí na Gaeilge a fhorbairt agus níos mó Gaeilge a fhorbairt i dTeach Laighin. Ba cheart go mbeadh daoine in ann cláir ríomhaireachta Gaeilge a fháil agus go mbeadh siad in ann níos mó oibre a dhéanamh sna comhchoistí trí Gaeilge.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aontaím leis an Teachta - ní dóigh liom go bhfuil cúis imris eadrainn ar chor ar bith - gur cóir go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisint. Beidh Gaeilge sa Teach le linn Seachtain na Gaeilge. Aontaím gur cóir go mbeadh muid ag plé ábhar eile seachas Seachtain na Gaeilge agus an Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge. Níl aon leithscéal againn. Tá an trealamh comhfhuaimneach anseo. Más féidir agus más mian le duine ar bith labhairt i nGaeilge agus muna dtuigeann duine anseo iad, tá an trealamh anseo fá choinne aistriúcháin a dhéanamh. Aontaím ar fad gur chóir go mbeadh níos mó Gaeilge anseo, ach sílim - tá mise anseo le breis agus 30 bliain - go bhfuil feabhas ar rudaí i láthair na huaire. Ní ró-mhinic a chloistear go bhfuil an Taoiseach, an Tánaiste agus ceannairí na bpáirtithe ag déanamh Riar na hOibre ar maidin agus Ceisteanna trí Ghaeilge. Sin dul chun cinn agus tá an pobal amuigh ag éisteacht trí na meáin. Aontaím le sin ar fad. Is féidir linn feabhas a chur ar rudaí agus tá moltaí go leor ann. Tá muid sásta é sin a dhéanamh agus níl muid chun aon bhac a chur ar éinne Gaeilge a labhairt.

Aontaím leis an Teachta faoi Chonradh na Gaeilge. An chéad rud eile atá le déanamh agam tráthnóna inniu ná dul chuig Conradh na Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge 2012 a láinseáil go hoifigiúil ansin. Glacaim le sin mar onóir agus mar phléisiúr agus mar phribhléid.