Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

2:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Ceapaim go bhfuil muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge tuirseach, traochta, caite amach, spíonta ó bheith ag tabhairt moltaí don Rialtas, ach nílim cinnte go bhfuil an Rialtas ag éisteacht. Tá formhór muintir na tíre seo an-báúil do agus an-dearfach faoin Ghaeilge. Mar shampla, tá 25% de thuistí na tíre ag éileamh gaelscolaíochta dá bpáistí, de réir taighde atá déanta ag Foras na Gaeilge. Fós, áfach, níl ach 5% ag fáil gaelscolaíochta. Caithfear seo a chur i gcodarsnacht le tíortha cosúil le tír na mBascach ina bhfuil 65% ag fáil scolaíochta lán-Bhascach, nó an Bhreatain Bheag, ina bhfuil níos mó ná 23% ag fáil scolaíochta lán-Bhreatnais. Tá Éire i bhfad taobh thiar tíortha eile maidir le rudaí a cruthú a shásaíonn an t-éileamh atá ann. I mo thuairim, is sórt bac é an Rialtas ar ghluaiseacht na Gaeilge.

Tá a lán oibre iontach mhaith déanta Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile maidir le Seachtain na Gaeilge agus is iontach an rud é go bhfuil coicís na Gaeilge ann. Ba mhaith liomsa dá dtabharfadh an Rialtas i bhfad níos mó cúnaimh don togra sin agus dá mbeadh sé sásta Mí na Gaeilge a fhorbairt agus níos mó Gaeilge a fhorbairt i dTeach Laighin. Ba cheart go mbeadh daoine in ann cláir ríomhaireachta Gaeilge a fháil agus go mbeadh siad in ann níos mó oibre a dhéanamh sna comhchoistí trí Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.