Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Is féile idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge a reáchtáiltear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, anseo in Éirinn agus - tá áthas orm a rá - thar lear. Tá an fhéile, atá eagraithe ag Conradh an Gaeilge, ag ceiliúradh 110 bliain ar an bhfód i mbliana agus beidh na céadta imeachtaí á reáchtáil ar fud na cruinne ón 5–17 Márta 2012. Is cúis áthais dom gur sheol An Taoiseach, an Teachta Enda Kenny, Seachtain na Gaeilge i dTeach Laighean inniu, agus mar a dúirt mé, bheinn ansin ag an seoladh ach go dtáinig mé isteach anseo fá choinne freagra a thabhairt ar bhur gcuid ceisteanna. Tá tuilleadh eolais ar na himeachtaí go léir atá ar siúl le fáil ar shuíomh www.snag.ie.

Is léir go bhfuil fás agus forbairt tagtha ar Sheachtain na Gaeilge bliain i ndiaidh bliana. Go deimhin, is féile choicíse seachas féile sheachtaine a reáchtáiltear anois. Mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, bheinn sásta breathnú ar aon mholadh maidir le fad a chur le Seachtain na Gaeilge agus Mí na Gaeilge a dhéanamh de. Níl gach eolas agamsa agus nílim ag labhairt ex cathedra mar an phápa, ach tá mé sásta éisteacht le moltaí fiúntacha a thagann ó aon duine maidir le cur le nó feabhas a chur ar Seachtain na Gaeilge. Ach ar a laghad, tá sé ag dul ar aghaidh le 110 bliain. Is comhartha é sin gur fiú leanúint ar aghaidh leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.