Dáil debates

Tuesday, 31 January 2012

Other Questions

Comharchumainn Gaeltachta

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigtear dom go mbíonn plé leanúnach ag Údarás na Gaeltachta leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe a thagann faoina chúram chun tacú leo oiread agus is féidir maidir lena gclár gníomhaíochtaí a chur i gcrích ina gceantair fheidhme. Is é €3 mhilliún an tsuim atá sna meastacháin atá ar fáil d'Údarás na Gaeltachta in 2012 dá chiste reatha agus forbartha.

Déantar maoiniú as an gciste seo ar dheontais reáchtála do chomharchumainn agus do chomhlachtaí pobalbhunaithe, chomh maith le gnóthaí eile lena n-áirítear gnóthaí pobail, teanga, cultúir, ealaíon, óige agus luath-oideachais. Cé is moite den mhaoiniú reatha, is féidir leis an Údarás deontais chaipitil a cheadú do chomharchumainn agus do chomhlachtaí pobalbhunaithe freisin.

Maidir le Gaeltacht Ráth Chairn, in imeacht chúig bliana déag nó mar sin, tá breis agus €1.7 milliún caite ag mo Roinn sa cheantar, idir caiteachas caipitil agus reatha. Rinneadh an infheistíocht sin ar raon leathan bearta agus tograí a raibh sé mar chuspóir acu an Ghaeilge a threisiú sa cheantar chomh maith le bonneagar an cheantair a fheabhsú. Ní thógann an figiúr sin san áireamh an caiteachas reatha bliantúil a dhéantar i nGaeltacht Ráth Chairn faoi scéimeanna eile mo Roinne, ar nós Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus Scéim na gCúntóirí Teanga, nó go deimhin na deontais chaipitil agus an deontas reáchtála a íocann Údarás na Gaeltachta le Comharchumann Ráth Chairn Teoranta ar mhaithe leis an gceantar a fhorbairt.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Bhí ceist curtha isteach agam faoi na giorraithe ar na scoileanna agus faoin tionchar a bhéadh ag tógra sin an Rialtais ar phobail na Gaeltachta. Tá an-díomá orm nár ceadaíodh an cheist sin. Ní raibh mé ag ceistiú maidir leis an gcóras oideachais nó leis na scoileanna iad féin. Bhí mé ag ceistiú faoin tionchar a bhéadh ag na giorraithe ar an bpobail agus ar an teanga labhartha imeasc phobail na Gaeltachta. Chuir mé ceist freisin cén sort staidéir atá déanta ag an Rialtas mar gheall ar an tionchar ar an bpobail féin. Fuair mé litir ar ais inniu go raibh an cheist sin diúltaithe ag an Rialtas. Tá an-díomá orm mar gheall ar sin, mar tá na scoileanna beaga a bhfuil beirt, triúir nó ceathrar múinteoir iontu iontach tábhachtach. Tá siad lárnach dos na ceantair Gaeltachta. Beidh tionchar ar na pobail sin má théann an Rialtas ar aghaidh leis na giorraithe sin. Ba mhaith liom fáil amach ón Rialtas, ón Roinn agus ón Aire an bhfuil aon staidéar déanta ar an tionchar sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá an Teachta tar éis a rá gur chuir sé ceist orm nach bhfuil ceadaithe, mar go raibh sé dírithe ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus ní orm féin. Mar sin féin, mar Theachta a bhfuil ceantar leathan Gaeltachta i mo dháilcheantar, tuigim an tábhacht atá le scoileanna beaga Gaeltachta agus an tionchar a bhéadh ag na rialacha úra ar na scoileanna. Phléigh mé féin an cheist le hoifigigh sinsearacha san Roinn Oideachais agus Scileanna agus is féidir liom a insint don Teachta go bhfuil comhchoiste idir oifigigh sinsearacha mo Ranna féin agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ar mhaithe le cur chun cinn straitéis na Gaeilge. Tá mé cinnte go dtiocfaidh ceist na scoileanna aníos ansin. Mar a dúirt mé, ní ceist é sin a bhaineann liomsa ach níl mé dall nó bodhar ar an mhéid atá ag dul ar aghaidh mar go bhfuil an oiread san des na scoileanna beaga sin i mo cheantar féin.

Sin gur féidir liom a rá ag an phointe seo maidir leis an cheist áirithe sin.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Iarraim ar an Aire Stáit níos mó staidéir a dhéanamh ar na héifeachtaí agus ar an tionchar a bhéadh ag na giorraithe sin.

Maidir le Ráth Chairn, áit speisialta í. Is í an t-aon Ghaeltacht in oirthear na tíre i gCúige Laighin. Tugann Ráth Chairn deiseanna iontacha dúinn an Ghaeilge a cur chun cinn i gCúige Laighin. Tá teaghlaigh Gaelacha timpeall Chúige Laighin, i mBaile Átha Cliath agus i mbailte eile, atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. B'fhéidir gur cheart dúinn, mar Theachtaí Dála, na teaghlaigh sin a mhealladh chun cur fúthu i Rath Chairn agus an Gaeltacht a threisiú, le níos mó teaghlaigh le Gaeilge a bheith lonnaithe san áit.

B'fhéidir gur féidir ollscolaíocht tré Ghaeilge do mhuintir Laighin a chur ar fáil i Rath Chairn. Tá an-chuid achmhainní foirgníochta i Rath Chairn a d'fhéadfadh an Rialtas cúrsaí a chur ar fáil iontu do mhic léin tríú leibhéil. B'fhéidir gur cheart dúinn níos mó oibre a dhéanamh chun go mbéadh scoláirí dara leibhéil in ann teacht chuig Rath Chairn gach deireadh seachtaine agus a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Dhéanfadh sin an-chuid maitheasa don cheantar freisin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Teachta as na tuairimí atá sé ag cur i láthair. Tuairimí iad gur fiú a mheas. Mar is eol don Teachta, thug mé cuairt ar Rath Chairn roimh na Nollag agus bhí oíche an-shuáilceach againn ansin. Bhí an Teachta é féin i láthair, dar ndóigh ina dháilcheantar féin. Tuigim an tábhacht atá le Rath Chairn. Is mór an chreidiúint atá ag dul don phoball ansin go bhfuil an Ghaeilge coinnithe beo agus bríomhar acu ó tháinig siad ó pháirteanna den Ghaeltacht ins na triochaidí.

Maidir le mo Roinn féin, is cinnte go dtuigimid an obair thábhachtach agus an ról tábhachtach atá ag Rath Chairn, agus a d'fhéadfaí a bheith aige, ins na blianta amach romhainn. Sin an fáth gur thug mé tacaíocht mhaith do Chomharchumann Rath Chairn. Mar shampla, aimsíodh €63,000 anuraidh fá choinne an chomharchumann a choinneáil ag dul ar aghaidh. Tá obair an-mhaith á dhéanamh ag an chomharchumann agus tá aithne agam ar na daoine atá ina bhun le blianta fada anuas.

Caithfear a admháil go poiblí nach bhfuil neamhaird déanta ag Údarás na Gaeltachta ar Rath Chairn nó ar Ghaeltacht na Mí ach an oiread. Tá beagnach 200 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí de chuid an údaráis i nGaeltacht na Mí, i Rath Chairn go mórmhór. Bhí mé ann, táimid ag tabhairt tacaíochta díobh agus aithním an ról tábhachtach atá acu. Tá súil as Dé agam go mbeidh deis agaim cuairt eile a thabhairt ar Rath Chairn roimh saoire na Cásca, agus go mbeidh an Teachta ansin.