Dáil debates

Tuesday, 31 January 2012

 

Comharchumainn Gaeltachta

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tuigtear dom go mbíonn plé leanúnach ag Údarás na Gaeltachta leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe a thagann faoina chúram chun tacú leo oiread agus is féidir maidir lena gclár gníomhaíochtaí a chur i gcrích ina gceantair fheidhme. Is é €3 mhilliún an tsuim atá sna meastacháin atá ar fáil d'Údarás na Gaeltachta in 2012 dá chiste reatha agus forbartha.

Déantar maoiniú as an gciste seo ar dheontais reáchtála do chomharchumainn agus do chomhlachtaí pobalbhunaithe, chomh maith le gnóthaí eile lena n-áirítear gnóthaí pobail, teanga, cultúir, ealaíon, óige agus luath-oideachais. Cé is moite den mhaoiniú reatha, is féidir leis an Údarás deontais chaipitil a cheadú do chomharchumainn agus do chomhlachtaí pobalbhunaithe freisin.

Maidir le Gaeltacht Ráth Chairn, in imeacht chúig bliana déag nó mar sin, tá breis agus €1.7 milliún caite ag mo Roinn sa cheantar, idir caiteachas caipitil agus reatha. Rinneadh an infheistíocht sin ar raon leathan bearta agus tograí a raibh sé mar chuspóir acu an Ghaeilge a threisiú sa cheantar chomh maith le bonneagar an cheantair a fheabhsú. Ní thógann an figiúr sin san áireamh an caiteachas reatha bliantúil a dhéantar i nGaeltacht Ráth Chairn faoi scéimeanna eile mo Roinne, ar nós Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus Scéim na gCúntóirí Teanga, nó go deimhin na deontais chaipitil agus an deontas reáchtála a íocann Údarás na Gaeltachta le Comharchumann Ráth Chairn Teoranta ar mhaithe leis an gceantar a fhorbairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.