Dáil debates

Tuesday, 31 January 2012

 

Comharchumainn Gaeltachta

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Teachta as na tuairimí atá sé ag cur i láthair. Tuairimí iad gur fiú a mheas. Mar is eol don Teachta, thug mé cuairt ar Rath Chairn roimh na Nollag agus bhí oíche an-shuáilceach againn ansin. Bhí an Teachta é féin i láthair, dar ndóigh ina dháilcheantar féin. Tuigim an tábhacht atá le Rath Chairn. Is mór an chreidiúint atá ag dul don phoball ansin go bhfuil an Ghaeilge coinnithe beo agus bríomhar acu ó tháinig siad ó pháirteanna den Ghaeltacht ins na triochaidí.

Maidir le mo Roinn féin, is cinnte go dtuigimid an obair thábhachtach agus an ról tábhachtach atá ag Rath Chairn, agus a d'fhéadfaí a bheith aige, ins na blianta amach romhainn. Sin an fáth gur thug mé tacaíocht mhaith do Chomharchumann Rath Chairn. Mar shampla, aimsíodh €63,000 anuraidh fá choinne an chomharchumann a choinneáil ag dul ar aghaidh. Tá obair an-mhaith á dhéanamh ag an chomharchumann agus tá aithne agam ar na daoine atá ina bhun le blianta fada anuas.

Caithfear a admháil go poiblí nach bhfuil neamhaird déanta ag Údarás na Gaeltachta ar Rath Chairn nó ar Ghaeltacht na Mí ach an oiread. Tá beagnach 200 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí de chuid an údaráis i nGaeltacht na Mí, i Rath Chairn go mórmhór. Bhí mé ann, táimid ag tabhairt tacaíochta díobh agus aithním an ról tábhachtach atá acu. Tá súil as Dé agam go mbeidh deis agaim cuairt eile a thabhairt ar Rath Chairn roimh saoire na Cásca, agus go mbeidh an Teachta ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.